Ag ócáid i gceanncheathrú na Comhairle Ealaíon inniu, fógraíodh an t-úrscéalaí Éireannach, Sarah Crossan, mar an cúigiú Laureate na nÓg – laureate na hÉireann le haghaidh na litríochta do pháistí. Beidh an teideal sin ag Sarah as seo go dtí 2020. Ba é an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn a thug an fógra.
Is tionscadal spreagúil é Laureate na nÓg a thugann aitheantas do ról agus do thábhacht na litríochta i saol páistí. Tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon atá ann a bhfuil tacaíocht aige ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, ó Leabhair Pháistí Éireann, ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus ó Éigse Éireann. Bunaíodh an onóir le cur le rannpháirtíocht daoine óga i litríocht ardchaighdeáin agus chun béim a chur ar an tábhacht a bhaineann le litríocht do leanaí i saol an chultúir agus na samhlaíochta.
Is file agus is úrscéalaí í Sarah Crossan. Is fearr aithne uirthi as a cuid leabhar do dhaoine fásta óga, lena n-áirítear Apple and Rain agus One, atá tar éis roinnt gradam a bhuachan. Is é an téama a bheidh aici mar Laureate #WeAreThePoets, tionscadal dhá bhliain le daoine óga a spreagadh chun iad féin a chur in iúl trí fhilíocht agus véarsa. Tá suim ar leith ag Sarah a bheith ag obair le pobail imeallaithe. Faoi bhanna #WeAreThePoets, comhoibreoidh sí le foireann scríbhneoirí chun ceardlanna a sheachadadh, mar aon le himeacht náisiúnta ina dtaispeánfar glórtha na hóige a ghlac páirt ina tionscadal Laureate.
Dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon:
"Tá an Chomhairle Ealaíon thar a bheith bródúil as an onóir thábhachtach ar leith seo a bhunú. Ó ceapadh an chéad Laureate na nÓg in 2010, tá leanaí ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain ag baint tairbhe as fuinneamh agus as tiomantas na n-ealaíontóirí seo; ealaíontóirí a bhfuil glúnta nua de léitheoirí, de scríbhneoirí agus de mhaisitheoirí spreagtha acu cheana féin. Is mór an onóir dúinn go bhfuil an t-údar Sarah Crossan ainmnithe mar an cúigiú Laureate na nÓg. Tá clú agus cáil bainte amach aici go forleathan. Is scríbhneoir neamheaglach nuálach í. Tá a cuid saothar go hiontach ar fad agus téann an grá dá bhfuil aici don litríocht i bhfeidhm go mór ar dhaoine. Bíonn Sarah ceannródaíoch i gcónaí i réimse na litríochta comhaimseartha, bíodh sé trí véarsaíocht nó trí phrós. Cuirfidh sí an dúil ar leith atá aici san fhocal scríofa agus san fhocal labhartha i bhfeidhm sa tionscnamh seo agus táimid ag súil go mór leis sin."
Agus í ag labhairt i gcáil Laureate na nÓg nua, dúirt Sarah Crossan:
"Ba é mo cheapachán mar Laureate na nÓg nua an tráth ba bhródúla i mo ghairm. Sa dá bhliain amach romham, ba mhaith liom a thaispeáint do dhaoine óga go bhfuil an fhilíocht ina foirm ealaíne agus go bhfuil sí ina seilbh acu i ndáiríre. Ba mhaith liom véarsaíocht a chur ina saol laethúil – iad a spreagadh chun dánta a léamh, a scríobh agus a léiriú go díograiseach agus go muiníneach. Oibreoidh mé le filí rathúla chun beatha a chur sa véarsaíocht, go háirithe do na daoine óga sin a mheas roimhe seo nárbh fhéidir seilbh a fháil ar an ealaín. Cruthóidh mé feachtas sna meáin shóisialta ionas go mbeidh an oiread daoine óga ar fud na tíre agus is féidir páirteach. Táim ag súil go mór leis an gcomhoibriú le CBI agus leis an gComhairle Ealaíon sa tionscadal seo, tionscadal ar a dtabharfar #WeAreThePoets."
Chónaigh Sarah i mBaile Átha Cliath go dtí go raibh sí sé bliana d'aois nuair a d'imigh a teaghlach ar imirce chuig an Ríocht Aontaithe. Tar éis di staidéar a dhéanamh ag Ollscoil Warwick agus Ollscoil Cambridge, d’oibrigh sí mar mhúinteoir Béarla ar feadh deich mbliana, i Sasana agus sna Stáit Aontaithe, sula ndeachaigh sí i mbun oibre mar scríbhneoir lánaimseartha in 2012. Cuireadh úrscéalta Sarah The Weight of Water agus Apple and Rain ar an ngearrliosta i gcomhair Bhonn Carnegie CILIP agus Duais Leabhar CBI na Bliana. In 2016, bhuaigh Sarah Bonn Carnegie CILIP agus duais Leabhar CBI na Bliana chomh maith le Duais Leabhair do Dhaoine Fásta Óga The Bookseller, Duais Filíochta CLiPPA, agus go leor duaiseanna eile dá húrscéal véarsaíochta, One.
Shonraigh Nóirín McKinney, Stiúrthóir um Fhorbairt na nEalaíon i gComhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann:
"Ní féidir áibhéil a dhéanamh ar a thábhachtaí atá sé an chéad bhlaiseadh den litríocht a thabhairt do pháistí agus fíorspéis sa léitheoireacht a spreagadh ag aois luath. Mar thoradh ar Laureate na nÓg, tá deis iontach ann litríocht ardchaighdeáin do leanaí a chur i láthair daoine óga ar fud an oileáin, litríocht a chuirfidh go mór lena saol ó thaobh an chultúir agus na cruthaitheachta de. Is rogha inspioráideach í Sarah Crossan mar an cúigiú Laureate na nÓg uile-oileáin agus tá ríméad ar Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann a bheith i mbun comhoibre lenár gcomhpháirtithe trasteorann chun tacú lena ról ambasadóra ar fud an oileáin.
In 2017, d‘fhoilsigh Sarah We Come Apart, a céad comhoibriú le buaiteoir Gradam Leabhar Leanaí Costa, Brian Conaghan, a ainmníodh ar ghearrliosta do roinnt gradam freisin. An bhliain chéanna bhuaigh an t-aistriúchán Ollainnise de One/Een Duais Litríochta Dioraphte agus ainmníodh an t-aistriúchán Gearmáinise Eins ar ghearrliosta faoi dhó do Ghradam Deutsche Jugendliteraturpreis mór le rá.
Ainmníodh úrscéal is déanaí Sarah do dhéagóirí, Moonrise, i gcomhair Gradam Leabhar Leanaí Costa, Leabhar CBI na Bliana, Duais Leabhair do Dhaoine Fásta Óg The Bookseller, agus Gradaim Leabhar Éireannach Bhord Gáis Energy – DEPT51@Eason Leabhar na Bliana do Dhéagóirí/Dhaoine Fásta Óga 2017. Roghnaíodh Sarah chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na hÉireann ag an bhFéile Idirnáisiúnta um Litríocht do Leanaí (Hay Festival/Aarhus 2017) sa Danmhairg.
Áiríodh a gearrscéalta agus a dánta i roinnt bailiúchán lena n-áirítear Here I Stand de chuid Amnesty International. Is í Sarah údar na n-úrscéalta diostóipeach Breathe agus Resist freisin. Aistríodh a cuid úrscéalta go níos mó ná scór teangacha agus cuireadh a céad úrscéal, The Weight of Water, in oiriúint don stáitse ceithre huaire.
←Fill ar ais go dtí an nuacht