Fógraíonn TG4 agus an Chomhairle Ealaíon i gcomhar le Ionad Scannánaíochta na Gaillimhe séasúr nua do ILDÁNA. Tá deis nua í ILDÁNA le tacú le léiriú scannáin fhaisnéise don teilifís agus don amharclann ar na h-ealaíona in Éirinn inniu. Beidh dhá scannán le uasbhuiséad ILDÁNA do E80,000 an ceann maoinithe le taispeáint sna pictiúrlanna agus le craoladh ar phríomhsceideal cláir TG4. Iarratais roimh Deireadh Fómhair 20 2017. Ábhar a bhfuil raon cruthaitheach agus uaillmhianach amháin atá i gceist le ilDÁNA le scannáin 60 – 70 noiméad a chruthú.
“Agus liosta láidir léiriúcháin cheana féin ag an scéim Splanc! le fiche bliain anuas agus duaiseanna buaite ag go leor acu, fáiltíonn TG4 roimh an tionscnamh seo. Cinneoidh sé go mbeidh faisnéis ar an gcaighdeán is airde mar chuid lárnach do sceideal cláir TG4” arsa Proinsias Ní Ghrainne, TG4.
Beidh cóiriú faoi leith atá cruthaitheach agus nuálach ag saothair atá coimisiúnaithe faoi ILDÁNA. Beidh gach réimse ealaíne san áireamh. Tabharfar tús áite do shaothar comhaimseartha agus is féidir le saothar staire a bhfuil coiriú agus tábhacht comhaimseartha luaite leo a bheith san áireamh freisin.
Beidh dhá scannán le uaisbhuiséad de €80,000 an ceann maoinithe sa chéad shéasúr don scéim ‘ilDÁNA’. Seolfar an dá scannán le taispeántas pictiúrlanna agus deis do thréimhse dáileacháin amharclanna roimh chraoladh ar TG4 in bhfómhar 2018.
“Tá ríméid ar an gComhairle Ealaíon tógáil ar an bpáirtíocht sean-bhunaithe le TG4 ag seoladh ilDÁNA. Cuirfidh sé ar chumas scannánóirí saothair uaillmhianacha, dána ealaíne a chruthú tríd thaispeántais amharclanna agus teilifíse na scéime spreagúil seo” arsa Fionnuala Sweeney, An Chomhairle Ealaíon.
Beidh an scéim á riaradh ag Ionad Scannánaíochta na Gaillimhe agus beidh téarmaí trádála TG4 i bhfeidhm. Beidh ionadaithe ó TG4, ón gComhairle Ealaíon agus ó Ionad Scannánaíochta na Gaillimhe i mbun roghnú na n-iarratas.
“Tá áthas ar Ionad Scannán na Gaillimhe a bheith páirteach sa scéim nua seo le buiséad maith a chuirfidh sé ar chumas déantóirí scannán rioscaí cruthaíochta a thógáil I dtreo saothair spreagúla, dána don amharclann agus don teilifís.” arsa Declan Gibbons, Ionad Scannánaíochta na Gaillimhe.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise: http://www.galwayfilmcentre.ie/ildana
←Fill ar ais go dtí an nuacht