Craolfar scannán Paula Kehoe, Deargdhúil: Anatomy of Passion, a maoiníodh faoi Splanc! – an scéim clár faisnéise Gaeilge de chuid na Comhairle Ealaíon agus TG4 – ar TG4 Dé Máirt, an 15 Márta ar 9.30pm.
Caitear súil sa chlár faisnéise nua seo ar shaol, ar shaothar agus ar shamhlaíocht mhiangasach fhileata an fhile Máire Mhac an tSaoi. Rinne Máire Mhac an tSaoi a cuid chun filíocht na hÉireann a athrú as éadan ach leas a bhaint as traidisiún dúchasach d’fhonn céadfacht phaiseanta agus mothúcháin gheise a chur in iúl, tráth a bhí guthanna na mban ar imeall na litríochta agus na sochaí.
Tá an taibhealaíontóir Maureen Fleming, Louis de Paor, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Nuala Ní Dhomhnaill agus Olwen Fouéré páirteach in Deargdhúil: Anatomy of Passion. Sonraítear sa chlár faisnéise scannáin bhaile lonracha 16mm a ghlac athair Mháire, Seán Mac an tSaoi, sna 1930idí agus sna 1940idí nach bhfaca an pobal mór roimhe seo.
Stiúrthóir agus Léiritheoir: Paula Kehoe
Scríbhneoirí: Paula Kehoe agus Louis de Paor
Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh chuig
Twitter: @deargdhuil
www.facebook.com/anatomyofpassion
http://www.tg4.ie/ga/clair/deargdhuil/
←Fill ar ais go dtí an nuacht