Ealaíontóir Scannán Cónaithe (Scríbhneoir Scáileáin) Coláiste na hOllscoile Corcaigh
1 Meán Fómhair 2017-31 Lúnasa 2018
Tá iarratais á lorg ó ealaíontóirí scannán dearscnaitheacha don ról thuas, atá cómhaoinithe ag an gComhairle Ealaíon agus ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh.
Tá sé mar aidhm ag an bpost mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe deis uathúil a chur ar fáil do scríbhneoir scáileáin a chleachtas/a cleachtas a fhorbairt i dtimpeallacht ollscoile agus, ina theannta sin, deis a thabhairt do mhic léinn i scannán agus meáin scáileáin oibriú ar bhealach bríoch le healaíontóir atá i mbun cleachtaidh le linn dóibh a bheith i mbun staidéir.
Ceapfar an tEalaíontóir Scannán Cónaithe ar feadh bliana agus íocfar €20,000 leis an iarratasóir a n-éireoidh leis/léi. Cuirfidh sé/sí cúig huaire teagmhála ar fáil in aghaidh na seachtaine i bhfoirm ceardlann sa scríbhneoireacht scáileáin, léachtaí agus meantóireacht aonair le mic léinn thar dhá sheimeastar, agus beidh am gan aon chur isteach aige/aice chun a c(h)uid saothair féin a chur chun cinn le linn laethanta saoire na hollscoile. Reáchtálfar imeacht poiblí tiomanta leis an Ealaíontóir Scannán Cónaithe le linn Fhéile Scannán Chorcaí 2017.
Ba cheart iarratas a dhéanamh trí litir nó ríomhphost, ina léireofar d’fhís don ról mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe, agus ba cheart CV a chur isteach ina mbeidh sonraí ar do thaithí ar an scríbhneoireacht scáileáin. Caithfidh ainm na n-iarratasóirí a bheith le príomhscannán a léiríodh i gcáil scríbhneoir scáileáin.
Ba cheart iarratais a sheoladh chuig: UCCFilmStudies@ucc.ie.
Is féidir fiosruithe neamhfhoirmiúla faoin bpost a dhéanamh leis an Dr Gwenda Young, Scannán agus Meáin Scáileáin (g.young@ucc.ie)
Spriocdháta: 1 Bealtaine 2017
Is i gCorcaigh a bheidh na hagallaimh ar siúl an 29 Bealtaine 2017.
←Fill ar ais go dtí an nuacht