An 1 Meán Fómhair 2016–an 31 Lúnasa 2017
Tá iarratais á lorg ó ealaíontóirí scannán dearscnaitheacha don ról thuas, atá cómhaoinithe ag an gComhairle Ealaíon agus ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh.
Tá sé mar aidhm ag an bpost mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe deis uathúil a chur ar fáil do scríbhneoir scáileáin a chleachtas/a cleachtas a fhorbairt i dtimpeallacht ollscoile agus, ina theannta sin, deis a thabhairt do mhic léinn oibriú ar bhealach bríoch le healaíontóir atá i mbun cleachtaidh le linn dóibh a bheith i mbun staidéir.
Ceapfar an tEalaíontóir Scannán Cónaithe ar feadh bliana agus íocfar €20,000 leis an iarratasóir a n-éireoidh leis/léi. Cuirfidh sé/sí cúig huaire teagmhála ar fáil in aghaidh na seachtaine i bhfoirm ceardlann sa scríbhneoireacht scáileáin, léachtaí agus comhairliúchán aonair le mic léinn thar dhá sheimeastar, agus beidh am gan aon chur isteach aige/aice chun a c(h)uid saothair féin a chur chun cinn le linn laethanta saoire na hollscoile. Reáchtálfar imeacht poiblí tiomanta leis an Ealaíontóir Scannán Cónaithe le linn na cónaitheachta.
Ba cheart iarratas a dhéanamh trí litir nó ríomhphost ina léireofar d’fhís don ról. Ba cheart CV a chur isteach freisin ina mbeidh sonraí ar do thaithí ar an scríbhneoireacht scáileáin. Caithfidh ainm na n-iarratasóirí a bheith le príomhscannán a léiríodh i gcáil scríbhneoir scáileáin.
Ba cheart iarratais a sheoladh chuig UCCFilmStudies@ucc.ie
Is féidir fiosrúcháin neamhfhoirmiúla faoin bpost a dhéanamh leis an Ollamh Laura Rascaroli, Coláiste na hOllscoile Corcaigh l.rascaroli@ucc.ie.
Spriocdháta
Spriocdháta: An 23 Bealtaine 2016
Is i gCorcaigh a thionólfar na hagallaimh an 9 Meitheamh 2016
←Fill ar ais go dtí an nuacht