Taispeánfar scannán Thadhg O'Sullivan,
The Great Wall, arna mhaoiniú faoi Scéim Reel Art na Comhairle Ealaíon, san IFI ón 21 Lúnasa amach.
'Caitear súil ar imfhálú na hEorpa ag córas casta ballaí agus claíocha sa chlár faisnéise nua misniúil seo ar athchóiriú é ar scéal Kafka. Scannán mistéireach é atá iontach ó thaobh radhairc de. Téann an scannán ar thuras thar réimse tírdhreacha Eorpacha, agus castar orthu iad siúd arb iad na ballaí sin a insíonn dúinn cén sórt daoine iad - cimí laistigh de champaí imirceach Eorpacha' (Sunniva O'Flynn, IFI).
Beidh an stiúrthóir, Tadhg O'Sullivan, i mbun comhrá an 23 Lúnasa le Michael Ryan san IFI. Cuirfidh sé blaisín dá chuid gearrshaothar i láthair agus déanfaidh sé plé orthu mar chuid de shraith an IFI, Ireland on Sunday.
Tá sonraí breise le fáil ar shuíomh Gréasáinan IFI:
http://www.ifi.ie/film/the-great-wall-opens-august-21st/
Is scéim de chuid na Comhairle Ealaíon um chláir faisnéise chruthaitheacha é Reel Art a reáchtáiltear i gcomhar le Filmbase agus le Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath.
←Fill ar ais go dtí an nuacht