Déanfaidh an Chomhairle Ealaíon agus Arts Audiences óstáil ar chéad seisiún eolais s’acu do sholáthróirí cineama cultúrtha ag Seisiún Féachana bhliantúil de Access Cinema san Ionad Ealaíon Dhún Másc i bPort Laoise ó 2:30-4.30pm Dé hAoine, 27 Meán Fómhair. Tabharfaidh an comhairleoir cineama Ron Inglis léiriú ar New Directions in Growing Audiences for Cultural Cinema agus tiocfaidh plé painéil i ndiaidh seo.
Beidh tuilleadh sonraí le fáil i mí Mheán Fómhair.
←Fill ar ais go dtí an nuacht