Chun ceiliúradh a dhéanamh ar 2016 i scannáin, choimisiúnaigh TG4 agus an Chomhairle Ealaíon, i gcomhar le hIonad Scannán na Gaillimhe, ocht ngearrscannán nua ar na mallaibh faoi Splanc!, an scéim clár faisnéise Gaeilge do na healaíona a thacaíonn le hiniúchadh cruthaitheach na n-ealaíon in Éirinn.
Tá an-áthas orainn a fhógairt go léireofar Splanc! 2016 den chéad uair in Institiúid Scannán na hÉireann Dé Luain, an 14 Márta ar 18:30 mar chuid dá snáithe, Irish Focus. Seo a leanas na scannáin a thaispeánfar:
- Idir Neamh agus Talamh: Saothar William McKeown arna stiúradh ag Pat Collins
- Oíche Nollaig na mBan arna stiúradh ag Oonagh Kearney
- Cruth na Cumhachta arna stiúradh ag Megs Morley agus Tom Flanagan
- Ailiu Iath n-hErend arna stiúradh ag Dónal Ó Céilleachair
- Solas Céad Bliain arna stiúradh ag Tadhg O’Sullivan
- Bungaló Bliss arna stiúradh ag Fergal Ward agus Adrian Duncan
- Imogen Stuart Dealbhóir arna stiúradh ag Sharon Whooley
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar: http://www.ifi.ie/splanc
←Fill ar ais go dtí an nuacht