Is cúis áthais do TG4 agus don Chomhairle Ealaíon i gcomhar le Ionad Scannánaíochta na Gaillimhe ocht ngearrscannán nua-choimisiúnaithe a fhógairt le ceiliúradh ealaíona a dhéanamh ar 2016 mar shéasúr speisialta Splanc!. Is tionsnamh faisnéise trí mheán na Gaeilge é Splanc ! a thugann tacaíocht do thograí scannán a dhéanann tochailt chruthaitheach ar na healaíona in Éirinn agus a thuguann léargas físiúil spreagúil orthu mar thoradh.
Piocadh na saothar le dian-phróiseas roghnúcháin agus seo iad agus a léiritheoirí:
- Solas Céad Bliain le Tadhg O’ Sullivan, togra a dhéanfaidh iniúchadh ar an solas mar mhóitíf ag ealaíontóirí na hÉireann;
- Oíche Nollag na mBan le Oonagh Kearney – cóiriú fisiúil ar dhán clúiteach Sheáin Uí Ríordáin;
- Bungalow Bliss, le Fergal Ward agus Adrian Duncan – athbhreithniú ar an sórt seo ailtireachta tí in Éirinn;
- Ailiu Iarth na n-hErend le Dónal Ó Céilleachair, bunaithe ar dhán an fhile Aimhirgin;
- An chéad dán Gaeilge riamh, deirtear, Allagóirí Chumhachta, le Megs Morley agus Tom Flanagan, a chaithfidh súil ar thábhacht na ndealbh cloiche a thugann stair polaitiúil na hÉirean chun cuimhne dúinn;
- Idir Neamh agus Talamh: Saothar William McKeown, léargas an scannánóra Pat Collins air;
- Ina scannán Imogen Stuart Dealbhóir déanfaidh Sharon Wooley iniúchadh ar shaothar an dealbhóra Imogen Stuart;
- Tabharfaidh scannán Art Uí Bhriain cuireadh dúinn isteach sa Souvenir Shop, taispeántas spraoiúl le Rita Duffy.
Gearrscannáin iad seo ar fad, 3-5 nóiméad. Tá buiséad léirithe €12,500 an ceann acu. Craolfar iad ar TG4 ó dheireadh seachtaine na Cásca 2016 ar aghaidh mar scannáin aonaracha ar dtús agus mar shaothar fada amháin, uair an chloig, ina dhiaidh sin. Tá an scéim á riaradh ag Ionad Scannánaíochta na Gaillimhe ar son TG4 agus na Comhairle Ealaíon.
Dúirt Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4 “Is cuid lárnach iad na scannáin seo d’iarracht nuálach TG4 comóradh a dhéanamh ar chéad bliain d’fhás an náisiúin. Tá ríméad orainn an rogha leathan scannán seo a chruthú agus a chur i láthair an phobail ina bhfuil léargas físiúil ar an ngaol gar ach casta atá againn leis na healaíona agus a dtábhacht inár saol laethúil. Tá an tsúil eile ag oibriú iontu ar fad.”
Dúirt Fionnuala Sweeney, Ceannasaí Scannáin leis an An gComhairle Ealaíon: “Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon tacú le léiriú na scannáin seo. Tugann gach gach scannán a spléacheadh féin ar ghné ar leith de na healaíona in Éirinn. Mar aonad, tugann siad deis don phobal dul i ngleic ar bhealach eisiach le hoidhreacht 1916 tríd na n-ealaíona.”
Deir Declan Gibbons, Bainisteoir, Ionad Scannánaíochta na Gaillimhe: “Is ardú croí dúinn caighdeán agus cáil na ndéantóirí scannán a chuir isteach ar an scéim seo agus tá áthas orainn gur roghnaíodh ochtar a bhfuil cumas agus scil ar leith léirithe acu i réimsí leathan na n-ealaíona don scéim speisialta seo.”
Déan teangbháil le: Linda Ní Ghriofa, 091 505050, linda.ni.ghriofa@tg4.ie, nó Declan Gibbons, 091 770 748, manager@galwayfilmcentre.ie
←Fill ar ais go dtí an nuacht