Tréaslaíonn an Chomhairle Ealaíon an déantúsóir scannáin Eoin Duffy ar roghnú an scannán s’aige The Missing Scarf bheith curtha ar an liosta fada don Ghearrscannán Beoite is Fearr de chuid an Academy Award i gcomhar 2014.
Déanta faoi scéim bheochana de chuid Frameworks, bhí The Missing Scarf stiúrtha ag Eoin Duffy agus léirithe ag Jamie Hogan do Belly Creative. Scéal dubhghrinn is ea The Missing Scarf a fhiosraíonn gnathuamhna an t-saoil: uamhan na hanaithnide, na teipe, na diúlaithe agus faoi dheireadh an bháis. Tá sé ársaithe ag George Takei ó Star Trek's.
Scéim comhpháirtíochta leis an gComhairle Ealaíon, Bord Scannán na hÉireann agus RTÉ is ea Frameworks agus tacaíocht aici ó Údarás Craolacháin na hÉireann. Tacaíonn sé le déanamh gearrscannán beoite agus tá rath leis i spreagadh saothar nua athbhríoch spreagthach ó bheochantóirí Éireannacha.
Fógrófar na cúigear ainmnithigh dheireannacha do Ghearrscannán Beoite de chuid an Oscar ar an 16ú lá de mhí Eanair, 2014, le searmanas a bheidh ar siúl ar an 2ú lá de mhí Mhárta, 2014.
←Fill ar ais go dtí an nuacht