Tá obair ag dul ar aghaidh go maith ar dhá thionscadal Reel Art a roghnaíodh in 2015: The Piano Lesson le Ken Wardrop agus Rochester: City of Film le John Murphy agus Traolach Ó Murchú.
Tá naoi bpianó, naonúr pianódóirí agus naonúr múinteoirí in The Piano Lesson. Leanann sé turas ceoil na ndaltaí agus a múinteoirí tríd an gcóras grádaithe pianó agus fiosraítear ann go cruthaitheach tionchar na hoiliúna foirmiúla ar an gceolmhaireacht agus ar an gcruthaitheacht.
Stiúrthóir: Ken Wardrop
Léiritheoir: Andrew Freedman
Cuideachta: Venom Films
Cuireann Rochester: City of Film portráid i láthair den ghrianghrafadóireacht féin mar a insítear é trí lionsa shaoránaigh na cathrach atá sainmhínithe ag scannán. Fiosraítear ann an chaoi a ndéantar idirghníomhaíocht idir na snáitheanna éagsúla den chathair agus an ghrianghrafadóireacht, an chaoi a bhfoghlaimítear ón stair agus an leid a thugann teacht aniar a saoránach dúinn faoin todhchaí.
Stiúrthóirí: John Murphy & Traolach Ó Murchú
Léiritheoir: Sorcha Glackin
Cuideachta: Blacksheep Productions
Léireofar an dá scannán ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath i mí Feabhra 2017.
Is scéim de chuid na Comhairle Ealaíon um chláir faisnéise chruthaitheacha é Reel Art a reáchtáiltear i gcomhar le Filmbase agus le Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath.
←Fill ar ais go dtí an nuacht