Beidh an dara clár do scríbhneoir cónaithe ar siúl i mBaile Átha Luain, bronntanas ó dhuine de na scríbhneoirí is iomráití sa bhaile, John Broderick, nach maireann. Reáchtálfaidh Comhairle Chontae na hIarmhí an clár seo i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon, agus táthar ag glacadh le hiarratais faoi láthair trí Oifig Ealaíon na hIarmhí. Is é an 11 Aibreán 2019 an spriocdháta chun iarratas a dhéanamh.
Bronnadh an chéad ghradam mar scríbhneoir cónaithe John Broderick ar Annemarie Ní Churreáin in 2018 agus chuir sí a cónaitheacht i gcrích i bhFeabhra 2019. Reáchtáil an scríbhneoir sraith ceardlann agus seisiúin meantóireachta le daoine fásta agus scoileanna agus d’eagraigh sí seisiúin phoiblí bunaithe ar shaothair John Broderick agus ar shaothair nua a tháinig chun cinn mar thoradh ar an deis iontach seo.
Bhí an scríbhneoir in ann am agus spás a chur ar leataobh chun filíocht nua a fhorbairt agus chun taighde a dhéanamh agus camchuairt ar fud SAM a phleanáil chun a saothair nua agus a céad bhailiúchán buacach Bloodroot a léamh.
“Chuaigh mé ar thuras cuimsitheach ar Chnoc Uisnigh le linn na cónaitheachta leis an treoraí turais áitiúil, Ruth Illingford, agus thosaigh mé ar shraith dánta nua lena n-áirítear dán fada dar teideal ‘Noah’s Daughter’. Fuair mé spreagadh freisin chun tosú ar dhán atá bunaithe ar na coirp a aimsíodh i bportaigh dar teideal ‘The Turf-Cutter Speaks’ a chuir The Salvage Press i gcló le clóphreas le déanaí ag an gColáiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha (NCAD) i mBaile Átha Cliath,” a dúirt Annemarie Ní Churreáin agus í ag caint faoin gcónaitheacht.
Dúirt múinteoir agus í ag caint faoi thionchar na cónaitheachta, “Bhain na daltaí go léir an-taitneamh as na tascanna don scríbhneoireacht chruthaitheach a rinneadh i ndiaidh na léamha. Bhain mé féin an-tairbhe astu chomh maith agus bhí siad mar spreagadh cruthaitheach dom, agus bhí orm machnamh a dhéanamh ar an gcur chuige atá agam i leith mo scríbhneoireachta féin. Chum mé sraith dánta ó sin chomh maith, agus tá seacht ndán agam inti faoi láthair.”
Dúirt scríbhneoirí áitiúla “Fuair mé an-mhisneach ó na seisiúin. Níor léigh mé aon cheann de shaothair John Broderick roimhe sin cé gur chuala mé trácht air. Fuair mé go leor eolais le linn na seisiún agus bhí fonn láidir orm a leabhair uile a léamh agus níos mó faisnéise a fháil ar a shaol ina ndiaidh.” Janice Dobbie
“Ba thaithí chlaochlaitheach a bhí ann, ní dhéanfaidh mé dearmad air choíche agus beidh tionchar ollmhór aige ar mo chuid scríbhneoireachta. Is iontach an rud é gur éirigh leis an scéim seo normalú a dhéanamh ar an ealaín do ghnáthdhuine cosúil liomsa, a d’fhág an scoil gan an Ardteistiméireacht a bhaint amach, a chuaigh ar imirce chun na Ríochta Aontaithe, a d’oibrigh i monarchana agus ansin a d’fhill ar an oideachas agus mé 30 bliain d’aois, b’uirlis fhíorthábhachtach rannpháirtíochta í an taithí seo.” Rory Duffy
Dúirt an Chomhairle Ealaíon i ráiteas gur “bhronn an t-ealaíontóir airgead ar an gComhairle Ealaíon agus é i gceist go mbeadh sé ‘...ar mhaithe leis na healaíona i mBaile Átha Luain agus chun cabhrú leo agus iad a chur chun cinn’. Tacófar le clár an scríbhneora chónaithe seo chun fís na tiomnachta a bhaint amach. Tá luach €15,000 ag an gcónaitheacht don scríbhneoir agus tá Comhairle Chontae na hIarmhí tiomanta don tsraith seo i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon agus táimid ag tnúth leis an gcaidreamh leanúnach a bheidh againn maidir leis an scéim seo sna blianta beaga amach romhainn.”
Más scríbhneoir thú a bhfuil suim agat iarratas a dhéanamh, féach ar https://www.westmeathcoco.ie/johnbroderickresidency nó téigh i dteagmháil le miriam.mulrennan@westhmeathcoco.ie
←Fill ar ais go dtí an nuacht