* Léacht ar choincheap na dofheictheachta sa litríocht, ó chaipín Pheirséas agus fallaing Harry Potter
* Méadaíonn an Chomhairle Ealaíon an táille agus síneann sí an téarma le haghaidh Laureate Litríochta Leanaí na hÉireann
Seachadfaidh séú Laureate na nÓg in Éirinn, Áine Ní Ghlinn, an chéad léacht de chuid Laureate na nÓg, Lifting The Invisibility Cloak (Ag Tógáil na Fallainge Folaigh) ar shuíomh gréasáin Words Ireland, ag 6pm Dé Máirt, an 1 Nollaig.
• Beidh an léacht seo ó Laureate na nÓg, a chuirfear i láthair mar chuid d’Fhéile Leabhar Bhaile Átha Cliath i mbliana, ar cheann de na rudaí is suntasaí agus is marthanaí a dhéanfaidh an Laureate le linn a téarma. D’fhonn plé criticiúil a spreagadh, déanfar láidreacht agus cumhacht na litríochta do leanaí a chomóradh sa léacht. Tugtar ómós don ról a bhíonn ag an ealaíontóir i saol na nÉireannach sa léacht freisin.
• Díreoidh léacht Áine ar choincheap na dofheictheachta sa litríocht, ó chaipín Pheirséas agus clóca dofheictheachta Harry Potter. Fiosróidh sí an tsaoirse chruthaitheach agus na srianta a bhaineann leis an dofheictheacht sa léacht seo, an chéad cheann dá cuid. Is é an uaillmhian atá aici mar Laureate na nÓg an fhallaing fholaigh a thógáil ón scríbhneoireacht Ghaeilge do leanaí. Ach cad a chiallaíonn sé sin di mar scríbhneoir? Agus cén fáth a bhfuil sé tábhachtach dá próiseas cruthaitheach go mbeadh an meas céanna ag daoine uirthi is atá acu ar ealaíontóirí a bhíonn ag scríobh i mBéarla?
• Tá Laureate nua na nÓg ar an bhfód le deich mbliana anuas. Tá Siobhán Parkinson, Niamh Sharkey, Eoin Colfer, PJ Lynch, agus Sarah Crossan i measc na ndaoine a bhí ina Laureate roimhe seo.
• Tugadh an léacht bhliantúil isteach i ndiaidh athbhreithnithe a rinneadh le déanaí. I measc na bpríomh-mholtaí eile a rinneadh san athbhreithniú moladh gur cheart an meas céanna a bheith ar Laureate na nÓg, Ollúnacht Éigse Éireann agus an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach. Ag tabhairt aghaidh ar an moladh sin, d’aontaigh an Chomhairle an stipinn le haghaidh Laureate na nÓg a ardú go €50,000 in aghaidh na bliana, agus cuireadh leis an téarma freisin ionas go mairfidh gach téarma trí bliana, á chur ar comhchéim le gach onóir eile.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Kevin Rafter, “Is mian linn ceardúlacht agus samhlaíocht ár scríbhneoirí agus ár maisitheoirí do leanaí a cheiliúradh sa Chomhairle Ealaíon. Is é Laureate na nÓg an onóir is mó is féidir a bhronnadh ar scríbhneoir nó maisitheoir do leanaí – agus creideann an Chomhairle gur cheart cur le guth an ealaíontóra ionas go gcloisfear é i ngach cearn den tír agus i ngach gné den saol. Tá sé seo níos tábhachtaí fós i láthair na huaire.”
Lean sé ar aghaidh, “Beidh an léacht seo ar cheann na rudaí is suntasaí agus is marthanaí a dhéanfaidh an Laureate le linn a téarma. Tá ríméad ar an gComhairle a tacaíocht don tionscnamh luachmhar agus cumhachtach seo a mhéadú agus a neartú, agus táimid ag súil go mór le tógáil ar an rath iontach a bhí ag an Laureate go dtí seo.”
Ag labhair di faoina léacht dúirt Áine Ní Ghlinn, “Tiocfaidh leanaí an lae inniu i mbláth ina léitheoirí agus scríbhneoirí na todhchaí nuair a bheidh siad ina ndaoine fásta, coinneoidh siad an traidisiún taibhseach scríbhneoireachta atá againn beo agus rathúil ar stáitse mór an domhain. Ní mór dúinn a chinntiú go spreagfar ár ndaoine óga le bheith ag léamh agus le saol saibhir cruthaitheach a chaitheamh i nGaeilge agus i mBéarla. Táim buíoch den Chomhairle Ealaíon as an tábhacht a léiríonn sí don litríocht do leanaí agus as an gcothromaíocht measa a tugadh isteach le haghaidh Laureate na nÓg, á chur ar comhchéim le hOllúnacht Éigse Éireann agus an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach.”
Maidir le Laureate na nÓg
• Trí onóir a thabhairt d’ealaíontóir a bhfuil bua na ceirde aige/aici mar aon le tiomantas iontach, déanann Laureate na nÓg litríocht do leanaí agus do dhaoine óga a chur chun cinn agus a cheiliúradh. Fágann sin gur spreagadh mór atá sa Laureate do scríbhneoirí, do mhaisitheoirí agus do léitheoirí óga.
• I mí na Bealtaine, fógraíodh gurb í Áine Ní Ghlinn an séú Laureate na nÓg. Is í Áine an chéad údar a scríobhann go heisiach i nGaeilge a bhfuil an onóir á bronnadh uirthi, agus beidh an teideal aici as seo go dtí 2023.
• Tá bród ar an gComhairle Ealaíon as Laureate na nÓg a bhunú. Tá an Chomhairle buíoch dá comhpháirtithe i Leabhar Pháistí Éireann a bhainistíonn an Laureate thar ceann na Comhairle. Tá an Chomhairle buíoch dá comhpháirtithe i gComhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, sa Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus in Éigse Éireann freisin.
←Fill ar ais go dtí an nuacht