Sheol an Chomhairle Ealaíon suíomh gréasáin nua inniu ar a bhfuil na saothair físealaíne uile atá ina bailiúchán.
Bunaíodh an Bailiúchán sa bhliain 1962 agus tá sé ar cheann de na bailiúcháin náisiúnta is tábhachtaí sa tír. Bailíodh na saothair uile nuair a bhí na healaíontóirí fós i mbun oibre, seachas mar a tharlaíonn in Iarsmalann, áit a mbailítear saothair go cúlghabhálach. Insíonn an Bailiúchán scéal na healaíne nua-aimseartha Éireannaí ar feadh caoga bliain dá forbairt agus is scéal fíorspéisiúil é dá bharr. Cheiliúramar 50 bliain den Bhailiúchán in 2012 – eagraíodh taispeántais mhóra ar fud na hÉireann agus foilsíodh an bailiúcháin, Into the Light. Rinneadh an bailiúchán iomlán ina bhfuil os cionn 1,000 saothar a dhigitiú an t-am sin mar ullmhúchán lena ndéanamh inrochtana ar an ngréasán.
Arsa an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys, ag an seoladh: “Tá lúcháir orm go bhfuil an Chomhairle Ealaíon ag glacadh leis an digitiú mar bhealach chun ealaín a dhéanamh níos inrochtana. Cruthaíonn an suíomh gréasáin nua seo dánlann ar líne agus tugann sé rochtain ar Bhailiúchán iomlán na Comhairle Ealaíon ar shuíomh digiteach amháin; beidh sé níos fusa amharc ar shaothair réimse ealaíontóirí Éireannacha agus taitneamh a bhaint astu dá bharr”.
“Beidh an suíomh gréasáin ina uirlis an-úsáideach do mhúinteoirí ealaíne fosta siocair go mbeidh siad ábalta leas a bhaint as an suíomh mar mhol faisnéise faoi ealaín Éireannach le 53 bliain anuas. Ní hamháin go dtaispeánann an suíomh na saothair ealaíne ach insíonn sé scéal an ealaíontóra a chruthaigh gach píosa freisin. Lena chois sin, tugann gné idirghníomhach deis duit a bheith i do choimeádaí ar líne ionas go mbeidh tú in ann na píosaí is fearr leat a roghnú agus do Bhailiúchán pearsanta féin de chuid na Comhairle Ealaíon a chruthú.”
Tá an fógra á dhéanamh tar éis tairseach ghréasáin nua, www.artsineducation.ie, a seoladh an tseachtain seo chun cur leis an dul chun cinn faoin gCairt um na hEalaíona san Oideachas de chuid an Rialtais. Agus tacaíocht á fáil aici ón Roinn Oideachais agus Scileanna agus ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, beidh an tairseach ar an bpríomh-acmhainn dhigiteach náisiúnta maidir leis an gcleachtas ealaíne agus oideachais in Éirinn.
Labhair Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Sheila Pratschke, ag an ócáid freisin. Dúirt sí: “Tá ríméad orainn é seo a sheoladh inniu. Tugann ár mBailiúchán léargas ar fhorbairt na healaíne Éireannaí ó thús na seascaidí ar aghaidh. Ba bhreá linn go mbeadh gach duine in ann é a fhiosrú agus taitneamh a bhaint as. Is féidir ár mBailiúchán, ina bhfuil os cionn míle saothar ó scoth na bhfísealaíontóirí Éireannacha, a fheiceáil i bhfoirgnimh phoiblí fud fad na tíre.
“Má tá tú ar an eolas faoi fhoirgneamh nó institiúid phoiblí a bheadh ag iarraidh teacht a fháil ar phíosa ón mbailiúchán, tá sonraí faoin méid sin le fáil ar leathanach baile an Bhailiúcháin. Bailiúchán an phobail é seo agus is é sin an fáth a bhfuil an Chomhairle Ealaíon meáite ar an mBailiúchán a chur ar fáil do chách. Cé nach bhfuil gach duine ar eolas faoin mBailiúchán toisc nach bhfuil a spás dánlainne féin ag an gComhairle Ealaíon, tá bunús na saothar ar taispeáint go poiblí i scoileanna, i leabharlanna, in ospidéil agus in institiúidí poiblí ar fud na tíre.”
←Fill ar ais go dtí an nuacht