Sheol an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD, Ionadaíocht na hÉireann ag an 58ú Biennale Ealaíne sa Veinéis in 2019 inniu(26 Márta) ag tionól ina ndearnadh ionadaíocht thréan d’earnáil amharcealaíona na hÉireann.
Roghnaíodh an t-ealaíontóir Eva Rothschild agus an coimeádaí Mary Cremin chun ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn ar bhunús gairm oscailte. Tionscnamh is ea Éire ag an Veinéis de chuid Chultúr Éireann i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon. Is é Biennale Ealaíne na Veinéise an fóram domhanda is iomráití do na hamharcealaíona go domhanda. Meallann sé breis agus 260,000 cuairteoir, coimeádaí gairmiúil, úinéir dánlainne agus ealaíontóir i rith an imeachta a mhaireann sé mhí, chomh maith le cumhdach forleathan sna meáin idirnáisiúnta.
Dúirt an tAire Madigan: “Is mór an t-éacht é an onóir a bhuachan ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn ag an taispeántas amharcealaíona is tábhachtaí ar domhan agus déanaim comhghairdeas le agus guím gach rath ar Eva Rothschild agus Mary Cremin. Tá Eva ar dhuine de na dealbhóirí is fearr ina glúin agus tá sárchumas aici nascacht a chruthú idir gnéithe éagsúla dealbhóireachta agus iad a chur i láthair an phobail.”
Tionscadal uaillmhianach is ea ‘The Shrinking Universe’ a rachaidh i gcion go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta araon agus a mhúsclóidh feasacht agus tuiscint i bhfad níos mó ar scála agus éagsúlacht chleachtas ealaíonta comhaimseartha na hÉireann.
Dúirt an tAire, chomh maith, “Tionscadal tábhachtach is ea Éire ag an Veinéis i gcomhthéacs thionscnamh Éire Dhomhanda an Rialtais a bhfuil de chuspóir aige lorg coise domhanda na hÉireann a mhéadú. Léiríonn an infheistíocht a rinne Cultúr Éireann i gcur i láthair na hÉireann i mo Roinn an tiomantas do thacú leis an gcur i láthair seo agus aimsiú domhanda na hÉireann.”
Faoi mar a bhí ina chleachtas, cuirfear Taispeántas na hÉireann ag Biennale na Veinéise i láthair ina dhiaidh sin in Éirinn os comhair lucht féachana náisiúnta sa bhliain 2020. Fógrófar na sonraí faoin taispeántas The Shrinking Universe in Éirinn go luath in 2020.
Dúirt Eva Rothschild, “tá gliondar croí agus pribhléid orm ionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn ag Biennale na Veinéise. Déanfaidh mo thaispeántas sárthaispeántas d’fhairsinge mo chleachtais dealbhóireachta a chruthaíonn timpeallacht a dhéanann cumarsáid go díreach leis an mbreathnóir trí rudaí a chuimsiú agus ábharthacht.”
Dúirt Mary Cremin, “B’iontach an t-eispéireas é forbairt agus obair a dhéanamh leis an ealaíontóir Eva Rothschild agus tionscadal idirnáisiúnta chomh tábhachtach sin ar bun. Taispeántas tumthach a bheidh in The Shrinking Universe de shaothair dhealbhóireachta a chuireann le spéis Rothschild sa dealbhóireacht shóisialta agus timpeallachtaí a chruthú ach freagairt atá ann, chomh maith, dár ngéarchéim reatha pholaitiúil agus do chineál neamhbhuan ár láithreachta reatha.”
Beidh Pailliún na hÉireann ar cheann amháin de 91 pailliún náisiúnta a dhéanfaidh cur i láthair ag Taispeántas 2019 a osclófar an 8 Bealtaine agus a bheidh ar siúl go dtí an 24 Samhain 2019.
←Fill ar ais go dtí an nuacht