Ainmneoidh an tUasal Jean-Pierre Thébault, Ambasadóir na Fraince chun na hÉireann, Sheila Pratschke, Uasal, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, ina Officier in Ordre national du Mérite na Fraince i searmanas ag Teach Cónaithe na Fraince i mBaile Átha Cliath.
D’oibrigh Sheila Pratschke in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, i nGailearaí Kerlin agus in UCD sular ceapadh mar Stiúrthóir ar Institiúid Scannán na hÉireann í sa bhliain 1994. Bhí an post sin aici ar feadh seacht mbliana, tréimhse ar forbraíodh Barra an Teampaill mar cheathrú chultúrtha lena linn. Bhog sí chuig Ionad Tyrone Guthrie in Eanach Mhic Dheirg sa bhliain 2001 áit a raibh sí ina Stiúrthóir go dtí an bhliain 2007. Ansin, ceapadh mar Stiúrthóir ar Centre Culturel Irlandais i bPáras í, príomhinstitiúid chultúrtha a dtacaíonn Rialtas na Fraince agus Rialtas na hÉireann léi. Is acmhainn uathúil í an tSean-Leabharlann do scoláirí agus do thaighdeoirí.
Tá caidreamh ealaíonta fada, cothaithe agus láidir idir an Fhrainc agus Éire. Tá an gradam seo á bhronnadh mar aitheantas ar iarrachtaí Sheila chun naisc chultúrtha idir an Fhrainc agus Éire a chur chun cinn.
Bhunaigh an tUachtarán Charles de Gaulle an Ordre national de Mérite (Ord Fiúntais Náisiúnta) sa bhliain 1963 agus bronnann Uachtarán Phoblacht na Fraince é chun aitheantas a thabhairt d’éachtaí sibhialta nó míleata.
Tá Sheila Pratschke á hinsealbhú mar Oifigeach san Ord.
←Fill ar ais go dtí an nuacht