Tar éis comhairliúcháin leis an Aire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta agus leis an Aire Sláinte, baineann an soiléiriú a leanas le bearta a tugadh isteach i ndáil le hearnáil an chultúir:
Meastar gur timpeallachtaí rialaithe iad gnólachtaí/seirbhísí ar nós músaem, pictiúrlann, amharclann agus dánlann, ina mbíonn na bearta cosanta cuí i bhfeidhm ar nós scaradh sóisialta idir daoine. Is féidir leis na hionaid sin leanúint ar aghaidh ag feidhmiú i gcás gur féidir an scaradh sóisialta agus gach beart cosanta eile a choinneáil i bhfeidhm. Ní mór grúpaí aonair atá ag freastal ar na hionaid sin a theorannú do sheisear ó thrí theaghlach ar a mhéad. Ní mór go gcloífeadh an freastal foriomlán leis an uasteorainn foriomlán de 50 duine.
Tá gach imeacht cultúrtha faoi dhíon eile faoi réir na rialach maidir le seisear a ligean isteach ar a mhéad.
Tá gach imeacht faoin spéir faoi réir na teorann nua de 15 dhuine. Meastar gur olltionóil iad na himeachtaí sin ina bhfuil comhchruinniú daoine in áit ar leith chun críoch shonrach ar feadh tréimhse sheasta ama. Tugtar deis don víreas scaipeadh ag an gcineál sin imeachta.
←Fill ar ais go dtí an nuacht