Taispeánann taighde nua ón gComhairle Ealaíon go bhfuil níos mó daoine in Éirinn réidh le dul chuig taibhithe amharclannaíochta, damhsa, ceoil agus taibhithe eile, a fhad a bheidh bearta sláinte poiblí cosúil le scaradh sóisialta, masc a chaitheamh agus díghalrú i bhfeidhm.
Sa nuashonrú ar an suirbhé ‘Arts during Covid-19’, a rinne Behaviour & Attitudes (B&A) i mí Dheireadh Fómhair, dúirt an ghníomhaireacht stáit atá freagrach as na healaíona a mhaoiniú agus a fhorbairt go raibh leibhéal ard imní fós i measc an phobail faoi fhreastal ar imeachtaí ealaíon beo. Ach dúirt dhá thrian (67 faoin gcéad) de na freagróirí gur mó seans go rachaidís chuig ócáid ealaíon dá mbeadh teorainn leis an líon daoine a bheadh ag freastal uirthi – méadú ó leath (54 faoin gcéad) de na daoine a ndearnadh suirbhé orthu i mí an Mheithimh. Thacaigh mórchuid na ndaoine le bearta sláinte eile freisin, mar shampla seiceálacha teochta, maisc aghaidhe agus díghalrú lámh.
Tháinig méadú freisin ar líon na ndaoine a bhí ag plé leis na healaíona ar líne – lena n-áirítear ceolchoirmeacha agus drámaí nó ranganna ealaíne nó ranganna teagaisc – go 36 faoin gcéad, suas ó 32 faoin gcéad roimh an samhradh.
Agus d’fhéadfadh sé go mbeadh dea-scéal ann d’ealaíontóirí atá ag iarraidh bealaí a aimsiú chun a gcuid oibre a dhéanamh inmharthana i ndomhan digiteach sa mhéid is go ndeir dhá thrian de thomhaltóirí ealaíon ar líne (64 faoin gcéad) anois go mbeidís sásta íoc as rochtain a fháil ar ábhar ealaíon ar líne. Is méadú suntasach é sin i gcomparáid le suirbhé B&A a rinneadh i mí an Mheithimh seo caite, nuair a dúirt 54 faoin gcéad go mbeidís siad sásta íoc as.
“Is ábhar mór misnigh dúinn na huimhreacha sin agus do gach duine a bhíonn ag plé leis na healaíona,” a dúirt Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Maureen Kennelly. “Deir siad linn an rud a bhíomar ag iarraidh a chloisteáil – ba mhaith le daoine i ngach áit in Éirinn na healaíona a fheiceáil ar ais, agus ba mhaith leo é sin a dhéanamh go sábháilte agus i gcomhréir leis na rialacháin sláinte."
“Tugaimid faoi deara freisin go bhfuil níos mó daoine sásta íoc anois as eispéiris ealaíon ar líne. Mar a luaimid inár mbeartas ‘Luach Saothair don Ealaíontóir’, tá sé ríthábhachtach go gcúitítear i gceart na healaíontóirí a dhéanann an obair a thaitníonn linn go léir, mar sin is treocht é sin a bhfuil fáilte roimpi,” a dúirt sí.
Rinneadh suirbhé B&A chun leibhéil toilteanais chun freastal ar imeachtaí ealaíon beo agus formáidí malartacha de réir mar a théann Éire i dtaithí ar phaindéim COVID-19 a bhunú, agus rinneadh an clár iomlán d’agallaimh ar líne trí Omnibus Ar Líne B&A.
Tá an suirbhé faoi rialú dian cuóta chun daonra an Stáit a léiriú agus soláthraíonn sé sampla de 1,000 duine fásta atá 16 bliana d’aois nó níos sine.
Is féidir na sleamhnáin ón taighde is déanaí a fheiceáil anseo.
←Fill ar ais go dtí an nuacht