14 Aibreán 2020
A chomhghleacaithe, a chairde, ar fud earnáil na n-ealaíon,Táim ag cur tús le mo ról nua mar Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon inniu, beagán níos túisce ná mar a bhí ceaptha. Seo cúpla líne le rá libh go bhfuilim ag smaoineamh oraibh sa ghéarchéim seo.
Níor tharla a leithéid de rud riamh sa saol agus tá a fhios agam go bhfuil imní agus frustrachas ar go leor daoine faoi na dúshláin reatha. Díreach mar a bhíomar féin a dhéanamh in Éigse Éireann, tá cúpla seachtain caite agaibh féin ag cur pleananna agus imeachtaí ar ceal, imeachtaí ar chaith sibh a lán fuinnimh agus físe leo. Mar sin bhí dua mór ag baint leis an obair sin agus is iomaí cineál brú curtha aige oraibh go dtí seo. Ar ndóigh téann an cineál seo ruda i gcoinne an chineál oibre a bhíonn ar siúl againn de ghnáth agus is rud é a chuireann isteach go mór orainn. Bhain an rud suaitheadh mór asainn, chuir sé as a riocht muid agus chuir sé díomá millteanach orainn. Tugtar daoine le chéile sa tionscal seo againne de ghnáth ionas go ndéanfadh siad ceangal lenár saothar agus le chéile, agus cruthaíonn an ghéarchéim dúshláin áirithe dúinn go léir.
In éineacht leis sin, tá imní agus anró oraibh faoi theaghlaigh agus faoi chairde, agus ag iarraidh a bheith ag obair ón mbaile, más féidir é sin a dhéanamh in aon chor fiú. Táimid idir dhá cheann na meá agus ní áit dheas é sin le healaín a chruthú.
Ní raibh ábharthacht na n-ealaíon chomh soiléir riamh is a bhí sé le cúpla seachtain anuas agus chuir bhur saothar reatha ar chumas daoine nasc cumhachtach a mhothú lena chéile. Táim mórtasach as an maorgacht, an dínit agus an fhlaithiúlacht a thaispeáin sibh in bhur bhfreagra.
Seo earnáil ina bhfuil líon mór eagraíochtaí agus daoine aonair atá lán le diongbháilteacht. Is í an diongbháilteacht dhomhain sin, an díograis agus an spiorad comhchoiteann sin a chabhróidh chun an chuid riachtanach seo de shochaí na hÉireann a thabhairt slán, a chaomhnú agus a athbheochan. Is tasc ollmhór a bheidh ann agus beidh ár ndóthain le déanamh againn go léir. Táim buíoch as an am agus an cúram a thug sibh dó seo go dtí seo ag coinneáil eolais linn.
Féadfaidh sibh a bheith cinnte go mbeidh mé féin agus an fhoireann ag obair chomh dian agus is féidir linn ar bhur son chun cás a dhéanamh don rialtas agus cabhrú libh tríd an tréimhse dhuairc seo. Cinnteoimid freisin go leithdháilfear ár n-acmhainní reatha go léir go stuama. Táimid oscailte agus ag éisteacht le bhur n-imní agus riachtanais agus táimid meáite ar chabhrú libh ar aon bhealach is féidir linn chun tacaíocht a thabhairt daoibh tríd an tréimhse seo. Rinne bhur saothar an t-uafás chun spiorad an náisiúin a choimeád ag imeacht; as sin, tá sé i gceist againn sibh féin a choimeád ag imeacht agus a chosaint.
Agus muid á dhéanamh sin, táim ag tnúth le bheith ag obair libh ar fad chun an bealach is fearr a leagan amach don todhchaí agus a chinntiú go dtugaimid cosaint do shláinte fhadtéarmach ár bpobail ealaíon. Táim fíormhórtasach as saibhreas earnáil na n-ealaíon in Éirinn agus measaim gur pribhléid iontach é oibriú ar bhur son.
Beidh mé ag tabhairt an scéil is déanaí don earnáil as seo go ceann cúpla mí de réir mar a shocraím síos i mo ról nua.
Tá súil agam go bhfanfaidh sibh slán ón aicíd agus táim ag tnúth le bualadh libh sula i bhfad.
Le dea-ghuí,
Maureen
←Fill ar ais go dtí an nuacht