I Márta 2019, sheol an Chomhairle Ealaíon a beartas nua um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht (CCDÉ) ina moltar bearta beartais dhearfaigh chun comhionannas deiseanna, rochtana agus torthaí a chur chun cinn do gach duine a chónaíonn in Éirinn, beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, stádas sibhialta nó teaghlaigh, creideamh, aois, míchumas, cine nó duine den Lucht Taistil, agus an cúlra socheacnamaíoch san áireamh mar dheichiú foras. Mar iarracht a ráthú go mbeadh an beartas beo agus réamhghníomhach ionchorpraíodh plean gníomhaíochta trí bliana sa bheartas ar dtús lena chinntiú go bhforfheidhmítear láithreach é.
Gníomh lárnach tábhachtach laistigh den phlean gníomhaíochta seo ia ea post um Chomhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht a chruthú laistigh den Chomhairle Ealaíon sna trí bliana seo amach romhainn. Idir an dá linn, áfach, moladh go gceapfaí Ceannaire Tionscadail le hoibriú láithreach chun an plean gníomhaíochta a chur i bhfeidhm agus an beartas a thiomáint ar aghaidh.
Tá an Chomhairle Ealaíon ag iarraidh seirbhísí Ceannaire Tionscadail cáilithe a fháil chun an clár oibre seo a chur i bhfeidhm.
De réir a beartais, tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do chinntiú go dtugtar faoi bhearta dearfacha chun comhionannas deiseanna a chur chun cinn do gach duine a chónaíonn in Éirinn, beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, stádas sibhialta nó teaghlaigh, creideamh, aois, míchumas, cine nó duine den Lucht Taistil. Ina theannta sin, tarraingíonn an Chomhairle Ealaíon aird ar an gcúlra socheacnamaíoch mar fhoras eile ina gcaithfear comhionannas deiseanna a chinntiú. Dá bhrí sin, cuireann an Chomhairle Ealaíon fáilte roimh thairiscintí le haghaidh na hoibre seo ó sholáthraithe a dhéanann ionadaíocht thar ceann gach cuid de shochaí na hÉireann, lena n-áirítear aon cheann de na tréithe thuasluaite, ach níltear teoranta dóibh.
←Fill ar ais go dtí an nuacht