Rinne Jan O’Sullivan TD, an tAire Oideachais agus Scileanna, agus Heather Humphreys TD, an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Tairseach Ealaíon san Oideachas na hÉireann a sheoladh go hoifigiúil an 19 Bealtaine 2015 sna Printworks i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.
Ag labhairt di ag an seoladh, dúirt an tAire O’Sullivan, “Rinne an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta “an Chairt um na hEalaíona san Oideachas” a chomhshíniú i mí na Nollag 2012. Tá ról lárnach ag an gCairt maidir leis an Oideachas Ealaíon agus leis na hEalaíona san Oideachas araon a chur chun cinn i measc leanaí agus daoine óga trí chur chuige atá comhcheangailte, comhtháite agus comhoibríoch a chur ar fáil ar fud Ranna Rialtais, gníomhaireachtaí oideachais agus eagraíochtaí ealaíon. Cuireann na hEalaíona san Oideachas le saol gach duine lena mbaineann, idir leanaí agus dhaoine óga, ealaíontóirí agus mhúinteoirí. Is an-éifeachtach a bhíonn na healaíona maidir le haigne agus le samhlaíocht leanaí agus daoine óga a chothú agus a fhorbairt.
Ag labhairt di freisin, dúirt an tAire Heather Humphreys: “Beidh Tairseach nuasheolta na nEalaíon san Oideachas ar an bpríomhacmhainn dhigiteach náisiúnta don chleachtas ealaíon agus oideachais in Éirinn. Is é atá taobh thiar d’fhorbairt na Tairsí an comhchreideamh láidir intuigthe atá ag na páirtithe leasmhara go léir i luach dúchasach na n-ealaíon i saol leanaí. Tríd an ábhar atá ar fáil uirthi, beidh ról ríthábhachtach ag an Tairseach maidir leis an luach sin a chur chun cinn. Léireofar ar an Tairseach an dea-chleachtas reatha atá á leanúint in Éirinn. Is é an fhís atá léi struchtúr a bhunú trínar féidir an pobal ealaíon agus oideachais a fhorbairt. Níl i seoladh na Tairsí ach tús na hoibre sin.
Agus tacaíocht á fáil aici ón Roinn Oideachais agus Scileanna agus ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, tabharfar ar an Tairseach ardán trína dtacófar leis an dea-chleachtas comhoibríoch maidir leis na healaíona san oideachas agus maidir leis an oideachas ealaíon agus trína ndéanfar é a fhorbairt agus a fheabhsú. Iarrfar aighneachtaí le haghaidh na Tairsí ar bhonn leanúnach. Tá straitéis cumarsáide beartaithe. Is straitéis í ina leagtar amach dóigheanna ina bhféadfaidh Eagarthóir na Tairsí idirphlé agus cumarsáid leanúnach a choinneáil ar bun leis an bpobal ealaíon/oideachais. Is ar an Tairseach a thabharfar deis do gach páirtí leasmhar agus do gach duine óg páirt a ghlacadh sna ealaíona san oideachas in Éirinn den chéad uair riamh.
Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an tOllamh John Coolahan, an Cathaoirleach ar Ghrúpa Forfheidhmithe na Cairte, “Is éard atá sa Chairt ná iarracht chinniúnach ar bheartas comhoibríoch a chur ar fáil le haghaidh na n-ealaíon in oideachas. Is ar an Tairseach a thaispeántar na príomhphrionsabail um dhea-chleachtas comhoibríoch agus a sholáthraítear deis do dhaoine óga ar fud na tíre páirt tháirgiúil a ghlacadh in ealaíona san oideachas den chéad uair riamh.”
D’fhreastail thart ar 500 duine ar an seoladh inniu. Ina measc bhí Airí reatha agus iarAirí, an lucht déanta beartas, bainisteoirí agus ceannairí scoile, múinteoirí, ealaíontóirí, eagraíochtaí ealaíon, oifigigh ealaíon údaráis áitiúil, speisialtóirí curaclaim agus an lucht léinn.
Suíomh Gréasáin na Tairsí: www.artsineducation.ie
←Fill ar ais go dtí an nuacht