Dúirt beagnach aon trian de na freagróirí go gcuirtear bac ar dhaoine fós freastal ar ghníomhaíochtaí ealaíon nó bheith páirteach iontu
Taispeántar i dtaighde a rinne Kantar Media thar ceann na Comhairle Ealaíon a foilsíodh inniu go bhfuil líon suntasach daoine ag freastal ar imeachtaí ealaíon ar fud na tíre. D’fhreastail 60% de na daoine a thug faoin suirbhé ar imeacht ealaíon le 12 mhí anuas. Dúirt beagnach aon trian de na freagróirí go gcuirtear bac suntasacha fós ar dhaoine freastal ar ghníomhaíochtaí ealaíon nó bheith páirteach iontu, cosúil le costas, tiomantais teaghlaigh agus an fad is gá taisteal le freastal ar imeachtaí.
Tá freastal ar imeachtaí ealaíon scaipthe go cothrom ar fud na tíre de réir an chinn daonra, rud a léiríonn rannpháirtíocht láidir leis na healaíona ar fud na réigiún. Léiríonn an taighde go mbíonn an-tionchar ag an áit ina reáchtáiltear an t-imeacht ealaíon ar fhreastal. Is mó an seans gur fhreastail na daoine sin a d’fhreastail ar imeachtaí ina n-ionad ealaíon/pobail áitiúil ar éagsúlacht níos mó imeachtaí ealaíon ná an gnáthdhuine a fhreastalaíonn ar imeacht ealaíon, rud a thugann le fios an tábhacht a bhaineann leis na healaíona áitiúla a fhorbairt agus an tábhacht a bhaineann lena chinntiú go mbíonn fáil ar imeachtaí ealaíon ag leibhéal áitiúil chomh fada is a bhaineann sé le rannpháirtíocht an phobail sna healaíona.
Is iad na cúig ionad is fearr ag a bhfuil figiúirí freastail:
- an phictiúrlann – is é seo an fhoirm ealaíne is mó a bhfuil tóir uirthi go fóill in Éirinn agus 75% de dhaoine fásta ag rá gur fhreastail siad ar an bpictiúrlann le 12 mhí anuas.
- an teach tábhairne/óstán
- séipéal áitiúil
- amharclann
- leabharlann
Dá mhéad gníomhaíochtaí ealaíon atá ar fáil sa phobal áitiúil, is mó an seans go bhfreastalóidh daoine orthu mar go n-aithnítear taisteal mar cheann de na tosca is mó a chuireann bac ar fhreastal.
Áirítear le pobail ar leith ina bhfuil deacrachtaí fós le freastal ar na healaíona iad siúd atá faoi mhíchumas, iad siúd ar ioncaim ísle, daoine scothaosta agus mionlaigh eitneacha. Thug 60% de dhaoine faoi mhíchumas a thug faoin suirbhé le fios go mbíonn deacracht acu rochtain a fháil ar na healaíona agus thug 40% díobh saincheisteanna sláinte ar leith le fios agus dúirt 30% gur bhain sé le cúrsaí costais. Dúirt beagnach 20% de dhaoine gur bhain sé le heaspa iompair agus nach raibh aon duine acu le dul in éineacht leo. As na pobail a liostaíodh, bhí an deacracht ba lú ag daoine as mionlach eitneach.
Ag labhairt di inniu ag an seoladh in Create i mBarra an Teampaill, dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon “go gcreideann an Chomhairle Ealaíon dá mhéad daoine a bhíonn rannpháirteach sna healaíona, mar dhuine den lucht féachana nó mar rannpháirtí, agus dá mhó a n-éagsúlacht shóisialta agus thíreolaíoch, is ea is suntasaí an tionchar a bheidh ag an infheistíocht phoiblí sna healaíona. Tugann an taighde seo tuiscint níos fearr don Chomhairle Ealaíon maidir le cé na daoine atá rannpháirteach sna healaíona agus cá bhfuil siad, rud a thugann léargas níos fearr dúinn ar an luach a chuireann an pobal ar na healaíona. Mar thoradh ar an taighde, seolfaidh an Chomhairle Ealaíon Clár na nÁiteanna Cruthaitheacha in 2018 a chothóidh níos mó rochtana ar na healaíona ar fud na tíre i bpobail áitiúla. Leagfar an bhéim ar cheadú do phobail taithí ealaíon a fhorbairt, a chruthú, a chothú agus bheith rannpháirteach iontu sna háiteanna ina gcónaíonn siad. Forbrófar an clár seo in áiteanna nach mbíonn an oiread céanna deiseanna ag daoine dul i mbun gníomhaíochtaí cruthaitheacha.”
Mhéadaigh an Chomhairle Ealaíon infheistíocht chomh maith i raon clár agus eagraíochtaí rannpháirtíochta sna healaíona in 2017 bunaithe ar fhianaise ón taighde seo le roinnt blianta anuas.
Leagtar amach in The Arts in Irish Life: 2016 torthaí an taighde margaidh don Chomhairle Ealaíon maidir le leibhéil rannpháirtíocht an phobail sna healaíona. Fuarthas na torthaí sin ó cheisteanna a cuimsíodh i staidéar TGI Kantar Media. Rinneadh iarracht leis na ceisteanna faisnéis a ghabháil ar phátrúin freastail ar imeachtaí ealaíon agus rannpháirtíocht agus meon daoine fásta in Éirinn. Mar gheall go ritheann an staidéar seo go bliantúil agus go hathfhillteach, tá an Chomhairle Ealaíon anois in ann roghbhlúire sonraí cothrom le dáta a fháil ar iompair, meonta agus leibhéil rannpháirtíochta de réir mar a bhaineann siad leis na healaíona agus na léargais agus na treochtaí sin a úsáid ina cinntí beartais agus infheistíochta.
←Fill ar ais go dtí an nuacht