Is aoibhinn le muintir na hÉireann dul amach chuig imeachtaí ealaíon is cuma cén cineál imeachta atá i gceist, ach tá an-imní ar an gcuid is mó díobh maidir le Covid-19 agus beidh deimhnithe suntasacha ag teastáil uathu sula bhfreastalóidh siad orthu arís, mar a léirítear le taighde nua de chuid na Comhairle Ealaíon.
Léirítear sa suirbhé, arna dhéanamh ag Behaviour & Attitudes, go bhfuil dúshláin mhóra roimh dhaoine a chuirfidh taibhithe ar siúl ar fud na tíre sna seachtainí agus míonna amach romhainn go fóill, go háirithe taibhithe in ionaid tionóil faoi dhíon, d’ainneoin go bhfuil suim fhorleathan ag an bpobal sna healaíona.
Chuir thart ar 75 faoin gcéad de dhaoine imní in iúl faoi dhul ar ais chuig ionaid tionóil laistigh, amhail gigeanna, hallaí ceolchoirme, amharclanna agus pictiúrlanna. I gceist eile, thug 54 faoin gcéad de na daoine le fios gur mó an seans go bhfreastalóidís ar imeacht ealaíon dá mbeadh srian ar líon na ndaoine a bheadh ag freastal air.
Rud maith amháin a d’fhéadfadh teacht as sin, áfach, ná go bhfuil níos mó daoine ag dul i dtaithí ar na healaíona ar líne le linn ghéarchéim Covid-19, daoine níos óige go háirithe, agus go mbeadh níos mó ná leath den ghrúpa sin sásta íoc as ábhar ealaíon a rochtain ar líne, rud atá ríthábhachtach d’ealaíontóirí.
Choimisiúnaigh an Chomhairle Ealaíon, an ghníomhaireacht rialtais atá freagrach as maoiniú agus forbairt na n-ealaíon in Éirinn, an taighde mar chuid dá freagairt ar Covid-19. Tá géarchéim in earnáil na n-ealaíon mar thoradh ar an bpaindéim, agus an-chuid ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíne fágtha go tobann gan obair, agus an pobal fágtha ar an bhfaraor géar agus gan iad in ann sult a bhaint as na healaíona mar a bhí roimhe.
Tá sraith bearta nua fógartha ag an ngníomhaireacht, a fuair €25 milliún sa bhreis i maoiniú ón Rialtas le haghaidh 2020 an mhí seo caite, chun tacú le healaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíne, lena n-áirítear sparánachtaí, coimisiúin, tionscadail, oiliúint agus tacaíochtaí forbartha gairmiúla feabhsaithe, scéim forbartha acmhainne agus Ciste Cobhsaithe Éigeandála chun cabhrú le caillteanais mar gheall ar Covid-19 a chosc.
Reáchtáladh an suirbhé ar líne le sampla de 1,000 duine fásta arna rialú go daingean ag cuóta chun daonra an Stáit a léiriú. Is féidir na torthaí ar fad a fheiceáil anseo.
←Fill ar ais go dtí an nuacht