Is cúis áthais don Chomhairle Ealaíon agus do RTÉ fógairt go mbeidh siad ag comhoibriú chun rogha iontach saothar de bhailiúcháin na Comhairle Ealaíon a chur i láthair mar chuid d’Oíche Chultúir 2018 agus den cheolchoirm amuigh faoin aer a bheidh ar siúl ag Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin. Roghnaíodh saothair ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon ina bhfuil beagnach 1,100 píosa ealaíne nua-aoiseach agus comhaimseartha as Éirinn agus beidh siad ar taispeáint i rith na hoíche. Déantar stair bhródúil na Comhairle Ealaíon i gceannach saothar iontach agus uaillmhianach ina léirítear cleachtas ealaíontóirí a oibrínn in Éirinn inniu a cheiliúradh.Beidh saothair ar taispeáint ó roinnt de na healaíontóirí Éireannacha is aitheanta agus is cáiliúla ina measc: Amanda Coogan, Diana Copperwhite, Willie Doherty, Damien Flood, Siobhán Hapaska, Barbara Knezevic, Clare Langan, Mairead O'hEocha, Tony O'Malley agus tuilleadh nach iad.
Tá an chomhpháirtíocht seo le RTÉ ar an sampla is déanaí de thraidisiún na Comhairle Ealaíon ealaín chomhaimseartha den chéad scoth a roinnt le lucht féachana ar fud na hÉireann.Ina theannta sin, léifidh Laureate na nÓg na Comhairle Ealaíon, Sarah Crossan beo ón imeacht ag Dún Uí Choileáin le Ceolfhoireann Choirme RTÉ.
Cuireann an Chomhairle Ealaíon fáilte roimh an bpobal teacht chuig oifigí na Comhairle ag Cearnóg Mhuirfean ar Oíche Chultúir áit a mbeidh siad in ann rogha níos leithne saothar óna Bailiúchán a fheiceáil. Beidh dhá shaothar nua ar taispeáint den chéad uair mar chuid den taispeántas seo, suiteáil uaillmhianach, Exquisite tempo sector, le Barbara Knezevic agus dhá phéinteáil mhóra, Protest Crowd, Chicago USA, Trump Rally (2016) 1 & 2 le Joy Gerrard.
←Fill ar ais go dtí an nuacht