Bhí an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar an aoi oinigh ag Comhthionól Ginearálta Aosdána inniu san Ospidéal Ríoga, Cill Mhaighneann, inar toghadh 11 chomhalta nua. Fágann sé sin go bhfuil 250 duine san iomlán ina gcomhaltaí den chomhlacht anois. Is iad seo na daoine a toghadh: Elaine Agnew, cumadóir, John Byrne, amharcealaíontóir, Tom de Paor, ailtire, Ciarán Farrell, cumadóir, Marie Hanlon, amharcealaíontóir, James Harpur, scríbhneoir, Mary Morrissy, scríbhneoir, Michael O’Loughlin, scríbhneoir, Geraldine O’Neill, amharcealaíontóir, Joe Walker, amharcealaíontóir agus Enda Wyley, scríbhneoir.
Ag an gcruinniú, labhair comhaltaí faoin mbrón a bhí orthu go bhfuil iarchomhaltaí imithe ar shlí na fírinne ón gComhthionól Ginearálta deireanach. Ba iad sin Patrick O’Sullivan, amharcealaíontóir, Francis Harvey, Dermot Healy, Aodhán Madden, Desmond O’Grady agus Michael Smith, ar scríbhneoirí iad uile, agus Louis Lentin, scannánóir. Bhí nóiméad ciúnais ann i gcuimhne orthu.
Bhunaigh an Chomhairle Ealaíon Aosdána i 1981 ar mhaithe le hómós a thabhairt do na healaíontóirí sin ar chuir a saothar go mór leis na healaíona in Éirinn. Is le hainmniúchán comhghleacaithe agus le toghchán a cheaptar comhaltaí Aosdána. Ní féidir níos mó ná 250 ealaíontóir beo a bheith ann ag am ar bith agus ní mór corpas saothair suaitheanta a bheith cruthaithe ag gach duine díobh. I measc na ballraíochta tá ealaíontóirí cruthaitheacha atá ag obair i réimse leathan disciplíní lena n-áirítear ailtireacht, cóiréagrafaíocht, ceol, litríocht agus na físealaíona. Ní mór gur rugadh comhaltaí an chomhlachta in Éirinn nó go bhfuil cónaí orthu anseo le cúig bliana. Tá comhaltaí Aosdána incháilithe le 'cnuas' a fháil ón gComhairle Ealaíon. Is stipinn cúig bliana í seo a ceapadh le cur ar a gcumas a gcuid ama agus a ndúthracht go léir a chaitheamh lena gcuid ealaíon.
←Fill ar ais go dtí an nuacht