Thogh
Aosdána, an meitheal ealaíontóirí cruthaitheacha in Éirinn, 4 chomhalta nua ag
a Chomhthionól Ginearálta ag an Ospidéal Ríoga i gCill Mhaighneann inniu. Tá
ballraíocht iomlán 250 duine in Aosdána anois. Ba iad na daoine a toghadh an
scríbhneoir Deirdre Kinahan, an scríbhneoir Little John Nee, agus na cumadóirí
Colman Pearce agus Bill Whelan.
Chuir na comhaltaí in iúl ag
an gcruinniú go raibh siad faoi bhrón de bharr bhás na n-iarchomhaltaí Brian
Friel, Aidan Higgins agus Theo McNab. Tá an triúr sin imithe ar shlí na fírinne
ó bhí an comhthionól deireanach ann. Bhí nóiméad ciúnais ann i gcuimhne
orthu.
Tugann an Comhthionól
Ginearálta deis do chomhaltaí plé agus iniúchadh a dhéanamh ar shaincheisteanna
atá tábhachtach do na healaíona agus d’ealaíontóirí in Éirinn. Rinne Mairead
Owens (an Leabharlannaí Contae, Dún Laoghaire-Ráth an Dúin) agus an Dr Ellen
Rowley (Roinn Stair na hEalaíne agus na hAiltireachta, Coláiste na Tríonóide)
cur i láthair. Ina dhiaidh sin, rinneadh plé painéil ar ábharthacht na
leabharlainne in Éirinn sa lá atá inniu ann agus in Éirinn amach anseo.
Bhunaigh an Chomhairle
Ealaíon Aosdána i 1981 ar mhaithe le hómós a thabhairt do na healaíontóirí sin
ar chuir a saothar go mór leis na healaíona in Éirinn. Is le hainmniúchán
comhghleacaithe agus le toghchán a cheaptar comhaltaí Aosdána. Ní féidir níos
mó ná 250 ealaíontóir beo a bheith ann ag am ar bith agus ní mór corpas
saothair suaitheanta a bheith cruthaithe ag gach duine díobh. I measc na
ballraíochta tá ealaíontóirí cruthaitheacha atá ag obair i réimse leathan
disciplíní lena n-áirítear ailtireacht, cóiréagrafaíocht, ceol, litríocht agus
na físealaíona. Ní mór gur rugadh comhaltaí an chomhlachta in Éirinn nó go
bhfuil cónaí orthu anseo le cúig bliana. Tá comhaltaí Aosdána incháilithe le
'cnuas' a fháil ón gComhairle Ealaíon. Is stipinn cúig bliana í seo a ceapadh
le cur ar a gcumas a gcuid ama agus a ndúthracht go léir a chaitheamh lena
gcuid ealaíon.
←Fill ar ais go dtí an nuacht