Thogh Aosdána, an meitheal ealaíontóirí cruthaitheacha in
Éirinn, seachtar comhaltaí nua ag a Chomhthionól Ginearálta ag an Ospidéal
Ríoga i gCill Mhaighneann inniu. Tá ballraíocht iomlán 250 duine in Aosdána
anois. Ba iad na comhaltaínua a toghadh ná an t-amharc-ealaíontóir Eddie
Kennedy, an t-amharc-ealaíontóir Trish McAdam, an scríbhneoir Rosaleen
McDonagh, an scríbhneoir Gerry Murphy, an t-amharc-ealaíontóir Niamh O’Malley,
an cóiréagrafaí Fiona Quilligan agus an t-amharc-ealaíontóir Anne Tallentire.
Chuir na comhaltaí a
mbrón in iúl ag an gcruinniú de bharr bhás na n-iarchomhaltaí Leland Bardwell,
Basil Blackshaw, Anthony Cronin (Saoi), Brian King, John Montague, Louis
Stewart agus William Trevor (Saoi). Tá na comhaltaí sin imithe ar shlí na
fírinne ó bhí an comhthionól deireanach ann. Bhí nóiméad ciúnais ann i gcuimhne
orthu.
Bhunaigh an Chomhairle
Ealaíon Aosdána in 1981 ar mhaithe le hómós a thabhairt do na healaíontóirí sin
ar chuir a saothar go mór leis na healaíona in Éirinn. Is le hainmniúchán
comhghleacaithe agus le toghchán a cheaptar comhaltaí Aosdána. Ní féidir le
níos mó ná 250 ealaíontóir beo a bheith ann ag am ar bith agus ní mór go mbeadh
corpas saothair suaitheanta cruthaithe ag gach duine díobh. I measc na
ballraíochta tá ealaíontóirí cruthaitheacha atá ag obair i réimse leathan
disciplíní lena n-áirítear ailtireacht, cóiréagrafaíocht, ceol, litríocht agus
na hamharc-ealaíona. Tá comhaltaí Aosdána incháilithe le 'cnuas' a fháil ón
gComhairle Ealaíon. Is stipinn cúig bliana í seo a ceapadh le cur ar a gcumas a
gcuid ama agus a ndúthracht go léir a chaitheamh lena gcuid ealaíon.
←Fill ar ais go dtí an nuacht