Inniu, thogh Aosdána, meitheal na n-ealaíontóirí cruthaitheacha in Éirinn, seisear comhaltaí nua ag a Chomhthionól Ginearálta i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Is iad seo a leanas an seisear comhaltaí nua: Aideen Barry, amharc-ealaíontóir; Anna Burns, scríbhneoir; Niall McLaughlin, ailtire; Clare Langan, amharc-ealaíontóir; Doireann Ní Gríofa, scríbhneoir; Margaret Irwin West, amharc-ealaíontóir. Fágann sé sin go bhfuil 250 duine san iomlán ina gcomhaltaí den chomhlacht anois.
Ag an gcruinniú, chuir na comhaltaí in iúl gur cúis mhór bhróin dóibh go bhfuair iarchomhaltaí Aosdána bás; an scríbhneoir Padraic Fiacc; an scríbhneoir Matthew Sweeney; an cumadóir Tommy Peoples; an t-amharc-ealaíontóir Melanie leBroquy; an scríbhneoir Macdara Woods agus an t-amharc-ealaíontóir Seán McSweeney. Fuair gach duine acu bás ó bhí an 39ú Comhthionól Ginearálta ann. Bhí nóiméad ciúnais ann i gcuimhne orthu.
Bhunaigh an Chomhairle Ealaíon agus Rialtas na hÉireann Aosdána in 1981 agus tugann sé ómós do na healaíontóirí sin ar chuir a saothar go mór leis na healaíona cruthaitheacha in Éirinn.
Is le hainmniúchán comhghleacaithe agus le toghchán a cheaptar comhaltaí Aosdána. Ní féidir le níos mó ná 250 ealaíontóir beo a bheith ann ag am ar bith agus ní mór go mbeadh corpas saothair suaitheanta cruthaithe ag gach duine díobh. I measc na ballraíochta tá ealaíontóirí cruthaitheacha atá ag obair i réimse leathan disciplíní lena n-áirítear ailtireacht, cóiréagrafaíocht, ceol, litríocht agus an amharc-ealaín. Tá comhaltaí Aosdána i dteideal iarratas a dhéanamh ar chnuas ón gComhairle Ealaíon. Is sparánacht ilbhliantúil é an cnuas, a bhronntar do théarma cúig bliana, a thairgtear do chomhaltaí Aosdána a chomhlíonann critéir áirithe ionas gur féidir leo díriú ar an ealaín.
Beathaisnéisí na gcomhaltaí nua
Aideen Barry
Is amharc-ealaíontóir í Aideen Barry a bhfuil clú náisiúnta agus idirnáisiúnta uirthi agus a úsáideann modhanna inmhalartaithe léirithe lena n-áirítear: scannánaíocht, léiriú, tarraingt, dealbhóireacht, suiteáil agus meáin eile ina n-úsáidtear lionsaí. Baineann a cuid saothair leis an eachtarthacht agus an rud ar thug Freud Das Unheimliche air. Úsáideann sí seifteanna síceolaíocha míréire cognaíche agus meallann sí an lucht féachana leis an ngreann ropánta, greann a úsáideann sí chun dearcaí pearsanta a phlé agus tuiscintí eile a mhúscailt ar ábhair thromchúiseacha: an meabhairghalar, an leatrom agus an phatrarcacht. Áirítear le haonréid agus le léirithe ar a cleachtas taispeántais sna háiteanna seo a leanas: Mothers Tankstation; Áras Nua-Ealaíne na hÉireann; an tAcadamh Ibeirneach Ríoga; Gailearaí Ealaíne Crawford; Dánlann an Bhuitléaraigh; Louise T. Bloudin Gallery, Londain; Moderne Mussett, an tSualainn; Loop Biennale; The Wexner Centre, SÁM; The Banff Centre, Ceanada; The Headlands Centre for the Arts, Stáit Aontaithe Mheiriceá; Liste Art Fair, BAC an Ghinéiv; agus Catherine Clark Gallery, Stáit Aontaithe Mheiriceá. An bhliain seo chugainn, déanfaidh sí taispeántas ag an Kaunas Biennale sa Liotuáin, cuirfidh sí tionscadal nua aonair i láthair ag Féile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe agus taispeánfaidh sí a saothair ag CAC, Malaga, an Spáinn.
Anna Burns
Rugadh Anna Burns i mBéal Feirste. Thosaigh sí ag scríobh in 1995 agus choimisiúnaigh Flamingo HarperCollins a céad leabhar, No Bones, in 1999. Foilsíodh sa Bhreatain í in 2001 agus ghnóthaigh an leabhar ar Winifred Holtby Memorial Prize de chuid The Royal Society of Literature. Cuireadh ar an ngearrliosta freisin í don Orange Prize i gcomhair ficsin agus do Ghradam Ealaíon Bhéal Feirste, Litríocht, agus foilsíodh i Stáit Aontaithe Meiriceá agus sa Ghréig freisin í. Coimisiúnaíodh an dara leabhar, Little Constructions, in 2003 agus d’fhoilsigh Fourth Estate HarperCollins an leabhar sa Bhreatain in 2006. Díoladh cearta aistriúcháin sa Rómáin agus san Ísiltír. D’fhoilsigh Faber & Fabar a tríú leabhar, Milkman, in 2018. Ghnóthaigh an leabhar Man Booker Prize 2018 agus tá an leabhar ainmnithe sa chatagóir dar teideal Úrscéal na Bliana ag Gradam Leabhar na hÉireann. Foilsíodh sna Stáit Aontaithe í i mí na Nollag 2018. Tá sí ar díol i 13 chríoch eile go dtí seo.
Clare Langan
Rinne Clare Langan staidéar ar an Mínealaín sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha. Bronnadh scoláireacht Fulbright uirthi agus rinne sí cúrsa scannánaíochta in NYU. Bhronn Ollscoil na hÉireann Dochtúireacht Oinigh sa Mhínealaín uirthi in 2017. Rinne sí ionadaíocht d’Éirinn ag roinnt ócáidí dhébhliantúla idirnáisiúnta, lena n-áirítear B3 Biennale of the Moving Image Frankfurt, 2017; 25th Bienal de São Paulo, 2002 an Bhrasaíl; The Liverpool Biennial - International 2002, Tate, Learpholl: Sounds and Visions 2009, Museum of Modern Art, Tel Aviv agus Singapore Biennale 2008. In 2003, chuir Langan A Film Trilogy i láthair ag MoMA i Nua-Eabhrac. Bhuaigh a scannáin roinnt duaiseanna idirnáisiúnta lena n-áirítear an Principle Prize ag Oberhausen International Short Film Festival 2007, an Ghearmáin agus an scannán is fearr ag Videoformes 2014, le haghaidh The Floating World. Tá saothar léi le fáil i mbailiúcháin phoiblí agus phríobháideacha idirnáisiúnta lena n-áirítear bailiúcháin atá ag Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, Comhairle Ealaíon na hÉireann agus Oifig na nOibreacha Poiblí. Faoi láthair tá sí ag oibriú ar scannán nua dar teideal Songlines, ar mhaoinigh Dámhachtain ón gComhairle Ealaíon in 2018 é.
Niall McLaughlin
Rinne Niall McLaughlin staidéar sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus bronnadh céim air in 1984. D’oibrigh sé do Scott Tallon Walker sa tréimhse idir 1984 agus 1989. Chuaigh sé ag obair dó féin i Londain sa bhliain 1990. Bhuaigh Niall Young British Architect of the Year in 1998, ainmníodh é i measc BBC Rising Stars in 2001 agus rinne a chuid oibre ionadaíocht don Bhreatain sna Stáit Aontaithe. Bhuaigh dearaí leis roinnt duaiseanna lena n-áirítear Best Building in the Landscape de chuid RIAI agus duais Stephen Lawrence de chuid RIBA do the Best Building under £1million in 2005 agus 2015 agus bhí sé ar ghearrliosta Stirling de chuid RIBA in 2013 agus 2015. Is ollamh ailtireachta ar cuairt é Niall in University College London agus bhí sé ina ollamh ar cuairt in University of California Los Angeles sa tréimhse idir 2012-2013 agus in Yale idir 2014-2015.
Doireann Ní Ghríofa
Rugadh Doireann Ní Ghríofa i nGaillimh in 1981. D’fhás sí aníos faoin tuath i gContae an Chláir agus d’fhoghlaim sí Gaeilge trí chóras tumoideachais na nGaelscoileanna. D’fhreastail sí ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh mar a ndearna sí staidéar ar anatamaíocht an duine, an tsíceolaíocht agus an litríocht. Is múinteoir cáilithe í agus tá M.A. aici sa Nua-Ghaeilge ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, Tá sí ina cónaí lena fear céile agus lena ceathrar páistí óga gar do chathair Chorcaí.
Faoi láthair, is comhlach í Doireann de chuid Ionad Choláiste na Tríonóide don Aistriúchán Liteartha, is scríbhneoir coimisiúnaithe 2018 í do Temple Bar Gallery & Studios, agus tá sí ina healaíontóir cónaithe d’Fhéile Lárshamhraidh Chorcaí 2018-2019.
Margaret Irwin West
Rugadh Margaret do thuismitheoirí Éireannacha san India agus tháinig sí abhaile agus í cúig bliana d’aois. Chuaigh sí go Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath tar éis na scoile agus cuireadh oiliúint uirthi mar phéintéir i stiúideo André Lhote i bPáras. Ó 1991 i leith, rinne Irwin taispeántas i roinnt seónna oscailte agus seónna a raibh moltóirí iontu, in Éirinn agus i Sasana. Ghnóthaigh sí duaiseanna éagsúla agus is iomaí áit ar scéimeanna cónaitheachta a bhain sí. Tá samplaí dá saothair ag roinnt forais phoiblí agus i mbailiúcháin phríobháideacha freisin.
I mí Aibreáin 2015, rinne sí taispeántas aonair iardhearcach sa Leinster Gallery, Sráid Fhreidric Theas, Baile Átha Cliath. Fuair sí Gradam Saoil in 2018 ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Tá Irwin fós ag déanamh taispeántais agus reáchtálann sí ceardlanna priontaíochta ó am go chéile. Is íomhánna fíoracha a bhíonn aici den chuid is mó agus tarraingíonn sí ón mbreathnóireacht iad. Tagraíonn cuid mhór de na híomhánna do láithreacha Luath-Chríostaí agus réamhstairiúla atá ar fáil go flúirseach in Iarthar na hÉireann mar a bhfuil cónaí uirthi.
←Fill ar ais go dtí an nuacht