Thréaslaigh an Chomhairle Ealaíon leis an scríbhneoir Anna Burns as Béal Feirste as gradam Man Booker 2018 a bhuachan.
Dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: “Is ré iontach í seo d’fhicsean próis na hÉireann agus tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon an nuacht a fháil gur bhuaigh Anna Burns gradam Booker 2018 as a tríú húrscéal, Milkman, atá cróga agus úrnua.
“Bíodh sé trínár dtacaíocht do sparánachtaí nó do dhaoine aonair, nó an maoiniú a dhéanaimid ar phreas agus ar iriseáin liteartha neamhspleácha, tá beartas agus straitéis na Comhairle Ealaíon i gcomhair na litríochta dírithe go daingean ar scríbhneoirí agus ar na riachtanais atá acu,” a dúirt sí. “Oibríonn an Chomhairle Ealaíon gan staonadh chun go mbeidh an deis is fearr ag scríbhneoirí saothar den scoth a chruthú, agus is ábhar mór misnigh é go n-aithníonn moltóirí ghradam Booker scríbhneoir Éireannach.”
←Fill ar ais go dtí an nuacht