Is mian leis an gComhairle Ealaíon comhghairdeas a dhéanamh leis an ealaíontóir Éireannach, Duncan Campbell, as Duais Turner 2014 a bhuachan an tráthnóna seo. Rugadh Duncan Campbell i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1972. Bhain sé MFA amach i Scoil Ealaíne Ghlaschú i 1998 chomh maith le BA sa Mhínealaín in Ollscoil Uladh in 1996. Is i nGlaschú a chónaíonn agus a oibríonn sé.
Dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: “Tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon gur ghnóthaigh Duncan an Duais an tráthnóna seo. Is minic a théann saothar Duncan i ngleic le saincheisteanna deacra dúshlánacha a léiríonn cumhacht agus polaitíocht i struchtúir agus i gcomhthéacsanna difriúla. Táimid fíorbhródúil gur éirigh le healaíontóir Éireannach an duais cháiliúil idirnáisiúnta seo a bhaint, rud a léiríonn an dóigh a dtéann ealaíontóirí Éireannacha i gcion ar an domhan i rith an ama.”
←Fill ar ais go dtí an nuacht