Thréaslaigh an Chomhairle
Ealaíon le Fishamble Theatre Company agus leis an aisteoir-scríbhneoir Pat
Kinevane ar maidin as an ngradam ‘Sár-Éacht in Amharclann Chleamhnaithe’ a
bhuachan le haghaidh an dráma Silent ag Gradaim Olivier i Londain.
Dúirt Sheila
Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon: “Is iontach an scéala é seo.
Tréaslaímid le Jim Culleton, le Pat Kinevane, le criú Silent agus le
gach duine ag Fishamble as an nGradam clúiteach Olivier a bhuachan. Arís eile,
tá ealaíontóirí na hÉireann ag tarraingt clú agus cáil orthu féin go
hidirnáisiúnta, agus tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon gur thacaigh sí leo.”
←Fill ar ais go dtí an nuacht