Rinne an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas ó chroí le Lisa McInerney ar chloisteáil dóibh gur bronnadh Duais Ficsin na mBan de chuid Baileys 2016 uirthi as a céad úrscéal THE GLORIOUS HERESIES.
I ndiaidh an fhógra, dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, “Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon gur bhuaigh Lisa McInerney an duais iomráiteach seo. Le cúpla bliain anuas, trína cuid ficsin agus ina blag lena bhfuil duaiseanna bainte amach aici, tá glór liteartha léirithe ag Lisa McInerney ina bhfuil dánacht, nuálaíocht agus beogacht agus is breá an rud go bhfuil ceiliúradh á dhéanamh ar a céad úrscéal anocht, úrscéal gan scáth, gan eagla.”
Tá cáil ar Éirinn de bharr a traidisiúin láidir litearthachta agus de bharr na scríbhneoirí comhaimseartha dinimiciúla sa tír. Is léiriú breise iad gradaim idirnáisiúnta cosúil le Duais Ficsin na mBan de chuid Baileys – dá raibh an t-údar a bhuaigh duais Booker agus an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach Anne Enright ar an ngearrliosta freisin i mbliana – ar stádas na hÉireann mar scothionad litearthachta.
←Fill ar ais go dtí an nuacht