Tréaslaíonn an Chomhairle Ealaíon le Sebastian Barry agus Brian Conaghan as Gradaim Costa
Dúirt Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Orlaith McBride, go raibh an-áthas ar an ngníomhaireacht go raibh Sebastian Barry agus Brian Conaghan ina mbuaiteoirí catagóire i nGradaim Leabhar Costa.
Is scríbhneoir é Sebastian Barry a bhfuil buanna agus tallanna iontacha aige. Tá Days Without End chomh hiontach is atá sé corraitheach, chomh liriciúil is atá sé samhlaíoch. Tá clú agus cáil in Éirinn agus go hidirnáisiúnta le fada an lá ar a thiomantas do cheird na scríbhneoireachta agus tá sé iontach a fheiceáil go bhfuarthas a leithéid de mholadh dá úrscéal is déanaí.
Leis an ngreann, an inchreidteacht agus an úire a bhaineann le The Bombs That Brought Us Together le Brian Conaghan, is féirín é do léitheoirí óga, agus aghaidh á tabhairt ann ar cheisteanna crua agus ceiliúradh á dhéanamh ag an am céanna ar chumhacht an ghutha agus an scéil. Ba léir tiomantas Conaghan do na focail scríofa agus dá lucht léitheoireachta le tamall fada, agus tá sé iontach a fheiceáil go n-aithníonn na moltóirí cumhacht a chuid scríbhneoireachta.
←Fill ar ais go dtí an nuacht