Tréaslaíonn an Chomhairle Ealaíon le Yvonne Farrell agus le
Shelley McNamara as a gceapachán mar choimeádaithe ar Biennale na Veinéise
2018, an taispeántas ailtireachta is tábhachtaí ar domhan. Tar éis dóibh
Dámhachtain Idirnáisiúnta Institiúid Ríoga Ailtirí na Breataine a bhuachan, tá
béim níos mó ar a stádas agus ar a bpróifíl idirnáisiúnta.
Ag labhairt di inniu, dúirt Sheila Pratschke, Cathaoirleach na
Comhairle Ealaíon “Tá éachtaí nua á mbaint amach go hidirnáisiúnta ag saothar
Shelley agus Yvonne, trína gcleachtas, Grafton Architects. Is comhaltaí
d’Aosdána iad Shelley agus Yvonne agus déanann siad ionadaíocht do na healaíona
in Éirinn, trína gcleachtas agus trína macántacht mar ealaíontóirí aonair. Is
éacht iontach é seo agus léiríonn sé an chaoi a bhfuil ailtirí Éireannacha fós
ag fágáil a lorg ag an leibhéal idirnáisiúnta is airde”.
Osclófar an 16ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta Dé
Sathairn, an 26 Bealtaine agus críochnóidh sé Dé Domhnaigh, an 25 Samhain 2018.
críoch
←Fill ar ais go dtí an nuacht