Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas mór leis na
scríbhneoirí Mike McCormack agus Sebastian Barry mar go bhfuil a n-ainmneacha
ar an bhfadliosta don duais chlúiteach Man Booker.
Cuireadh Mike McCormack ar an bhfadliosta as a úrscéal Solar
Bones, atá ‘nuálach gan a bheith ar an tseandóigh’ a dúirt na moltóirí. Tá
Duais Goldsmiths faighte ag Solar Bones cheana féin, chomh maith le Gradam BGE
Leabhar Éireannach na Bliana in 2016. Fuair McCormack sparánacht litríochta ón
gComhairle Ealaíon in 2015 chun an leabhar a chríochnú, agus d’fhoilsigh an
foilsitheoir neamhspleách Éireannach Tramp Press é.
Roghnaíodh Sebastian Barry as a úrscéal Days Without End, ar
‘tour de force ghuth na hinsinte’ é dar leis na moltóirí. Bronnadh Gradam
Leabhar na Bliana Costa ar úrscéal Barry in 2016.
Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: “is
iontach an rud é gur thug moltóirí ghradam Booker aitheantas do na saothair
seo. Is léiriú iad na hainmniúcháin ar láidreacht litríocht chomhaimseartha na
hÉireann agus tarraingíonn siad aird ar an gclú idirnáisiúnta as cuimse atá
uirthi. Tréaslaíonn an Chomhairle freisin le foilsitheoir McCormack, Tramp
Press, a bhfuil sí ag tacú leis le blianta beaga anuas – is comhartha
aitheantais é seo, atá tuillte go maith aige, ar an obair a dhéanann sé chun
tacú le scríbhneoirí na hÉireann, iad a chothú agus iad a chur chun cinn.
Cuireann na hainmniúcháin seo béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le tacú
le scríbhneoirí agus scríbhneoireacht in Éirinn.
←Fill ar ais go dtí an nuacht