Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon ar chloisteáil gur bhuaigh Sinéad Gleeson Leabhar Neamhfhicsin na Bliana de chuid Bookselling Ireland as a cnuasach aistí, Constellations. Fuair Sinéad Sparánacht Litríochta na Comhairle Ealaíon in 2016 chun cuidiú léi bailchríoch a chur ar an gcnuasach; níos túisce i mbliana, ba í Sinéad Scríbhneoir Cónaithe na Comhairle Ealaíon/UCD.
Thréaslaigh an Chomhairle Ealaíon freisin leis an bhfoilsitheoir LeabhairCOMHAR agus leis an údar Proinsias Mac a'Bhaird as an úrscéal Tairngreacht, ar bronnadh Leabhar Gaeilge na Bliana de chuid Love Leabhar Gaeilge air. Maoiníonn an Chomhairle Ealaíon LeabhairCOMHAR trí Mhaoiniú Deontais do na hEalaíona.
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon gur bronnadh Leabhar na Bliana do Dhéagóirí agus Daoine Óga de chuid Dept 51 @ Eason ar Sarah Maria Griffin as a húrscéal Other Words for Smoke. Fuair Sarah sparánacht de chuid na Comhairle Ealaíon in 2018.
Déantar comhghairdeas freisin leis na foilsitheoirí Éireannacha The O’Brien Press agus Little Island. Is é O’Brien Press a d’fhoilsigh Shooting for the Stars a scríobh an Dr Norah Patten, agus a mhaisigh Jennifer Farley. D’fhoilsigh Little Island 123 Ireland le hAoife Dooley agus bronnadh Leabhar Leanaí na Bliana de chuid Specsavers uirthi sna Gradaim Shóisearacha. Maoinítear The O’Brien Press trí chlár an Mhaoinithe Deontais do na hEalaíona de chuid na Comhairle Ealaíon, agus is eagraíocht atá Maoinithe go Straitéiseach é Little Island.
Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon gurb í Nicole Flattery a bhuaigh Gradam Ghearrscéal na Bliana de chuid Writing.ie; fuair Nicole sparánacht de chuid na Comhairle Ealaíon in 2016 agus Gradam Ealaíontóra faoin scéim ‘An Chéad Ghlúin Eile’ in 2017. Foilsíodh a scéal san iris Stinging Fly, atá á maoiniú ag an gComhairle Ealaíon trí chlár an Mhaoinithe Straitéisigh.
Bronnadh Gradam Saoil Bob Hughes 2019 ar Cholm Tóibín. Tá an-áthas ar an gComhairle Ealaíon gur tugadh an t-aitheantas sin don scríbhneoir. Is iar-chomhalta den Chomhairle Ealaíon é Colm agus ball d’Aosdána.
Ar deireadh, déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas le Joseph O’Connor as Úrscéal na Bliana de chuid Eason a bhuachan. Is ball d’Aosdána é Joseph O’Connor.
←Fill ar ais go dtí an nuacht