Bhí Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, páirteach i searmanas sa Chomhairle Ealaíon inniu, Dé hAoine, an 16 Iúil, tráth a ceapadh an cumadóir Roger Doyle ina shaoi de chuid Aosdána. Bronntar teideal an tSaoi as ucht saothar leanúnach uathúil den scoth a chruthú sna healaíona, agus bhronn an tUachtarán Torc órga, siombail na hoifige, ar Roger.
Agus é ag labhairt ag an ócáid inniu, dúirt Roger Doyle “Is mór an onóir dom vóta muiníne a fháil ó Aosdána agus is cúis áthais agus iontais é dom chomh maith.”
Bunaíodh Aosdána in 1981 chun aitheantas a thabhairt d'ealaíontóirí ar chuir a saothar go suaithinseach leis na healaíona in Éirinn, agus cuidíonn sé le comhaltaí iomlán a ndúthrachta a chaitheamh lena gcleachtas ealaíne. Tá ballraíocht d’Aosdána, a bhaintear amach trí ainmniúchán ó phiaraí agus trí thoghchán, oscailte d’ealaíontóirí atá bainteach le hailtireacht, le cóiréagrafaíocht, le ceol, le litríocht agus leis na hamharc-ealaíona, agus, i láthair na huaire, tá 250 comhalta sa chleamhnacht. Ní mór do na comhaltaí a bheith ina gcónaí in Éirinn ar feadh cúig bliana (nó go raibh cónaí in Éirinn orthu) agus líon substainteach saothar bunaidh ealaíne a bheith cruthaithe acu.
Is iad comhaltaí Aosdána a ainmníonn agus a cheapann na Saoithe agus ní féidir an gradam seo a bheith ag níos mó ná seachtar comhaltaí ag aon am amháin. Is iad seo a leanas na Saoithe reatha: Ceapadh Seoirse Bodley (ceol) agus Camille Souter (na hamharc-ealaíona) ina saoithe in 2008; ceapadh Edna O’Brien (litríocht) agus Imogen Stuart (na hamharc-ealaíona) sa bhliain 2015; agus le déanaí ceapadh George Morrison (na hamharc-ealaíona) ina shaoi in 2016. Tá an seachtú háit mar Shaoi ar oscailt faoi láthair.
I measc na n-ealaíontóirí eile a fuair an onóir seo tá Samuel Beckett, Seán Ó Faoláin, Anthony Cronin, Mary Lavin, Francis Stuart, Tony O’Malley, Benedict Kiely, Patrick Scott, Brian Friel, Louis le Brocquy agus Seamus Heaney.
D'fhreastail go leor de chomhghleacaithe an ealaíontóra agus de bhaill Aosdána ar an searmanas, Trevor Knight, Siobhán Cleary, agus Raymond Deane ina measc. Bhí Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Orlaith McBride agus Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Kevin Rafter, i láthair freisin.
←Fill ar ais go dtí an nuacht