Cuirtear fáilte roimh iarratais ó scríbhneoirí Éireannacha i ngach seánra (e.g. ficsean, neamhfhicsean cruthaitheach, filíocht, drámaíocht, scannánaíocht), chun iarratas a dhéanamh chuig Comhairle Chontae na hIarmhí i gcomhpháirt leis an gComhairle Ealaíon, le bheith ar an gcéad scríbhneoir cónaithe John Broderick, a bheidh lonnaithe i mBaile Átha Luain.
Rugadh John Broderick (1924-1989) i mBaile Átha Luain agus b’úrscéalaí Éireannach é a raibh clú idirnáisiúnta air a d’fhág airgead ag an gComhairle Ealaíon nuair a fuair sé bás in 1989 “chun tairbhe, cúnamh agus cur chun cinn na n-ealaíon i mBaile Átha Luain”. Tar éis comhaontú comhpháirtíochta leis an gComhairle Ealaíon, tá iarratais á nglacadh anois ag Comhairle Chontae na hIarmhí ó scríbhneoirí don chéad chlár as trí chlár ealaíontóirí cónaitheacha, ag tosú le litríocht in 2018.
Is fiú €15,000 an chónaitheacht scríbhneora thar thréimhse 10 seachtaine don fhaighteoir a mbeifear ag súil go gcaithfidh sé/sí 20 uair sa tseachtain ar an gcónaitheacht lena n-áirítear am dá s(h)aothair féin agus rannpháirtíocht an phobail. Tá na sonraí ar fad ar fáil anseo.
Iarrtar ar iarrthóirí ar spéis leo a bheith páirteach ann togra maidir lena gcur chuige i leith na cónaitheachta mar aon le CV iomlán ina n-áireofar obair rannpháirtíocht an phobail roimhe seo agus ainm agus sonraí teagmhála beirt mholtóirí, a chur isteach chuig arts@westmeathcoco.ie
Tabhair faoi deara: is é an dáta deiridh le haghaidh iarratas ná Déardaoin, 1 Márta ag 3 pm
←Fill ar ais go dtí an nuacht