Tá ceithre thaispeántas nua ina dtabharfar spléachadh ar ghné amhairc na healaíne ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon ar siúl an mhí seo, agus gheobhaidh daoine ar fud na tíre deis saothar a fheiceáil ó roinnt de na healaíontóirí is fearr sa tír.
Tá saorchead isteach chuig na taispeántais agus tá fáilte roimh an bpobal chucu i Mainistir na Búille, Co. Ros Comáin; i mBaile Átha Cliath; agus i nGaillimh. Rinneadh gach ceann a choimeád go cúramach ag úsáid píosaí ó bhailiúchán na Comhairle Ealaíon ina bhfuil beagnach 1,100 saothar d’ealaín nua-aimseartha agus chomhaimseartha na hÉireann.
• Collective View, King House, Mainistir na Búille, Co. Ros Comáin. 17 Bealtaine – 19 Meitheamh
• Shaping Ireland: Landscapes in Irish Art, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, 13 Aibreán – 7 Iúil
• The Precariat - Ursula Burke, Ionad Ealaíon na Gaillimhe, Gaillimh 31 Bealtaine – 6 Iúil
Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon go bhfuil rannpháirtíocht an phobail ar cheann de na tosaíochtaí i straitéis deich mbliana na gníomhaireachta, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: “Tá na taispeántais seo tábhachtach dúinn, toisc go gciallaíonn siad gur féidir le níos mó agus níos mó daoine a bheith ag gabháil d’ealaín den scoth. As seo go ceann cúpla bliain, leanfaidh Bailiúchán na Comhairle Ealaíon ag fás, agus leathnóimid ár gclár taispeántas, iasachtaí agus comhpháirtíochtaí.”
Bunaíodh an bailiúchán sa bhliain 1962 agus tá sé ar cheann de na bailiúcháin is tábhachtaí in Éirinn anois. Toisc go raibh sé mar aidhm ag an gComhairle Ealaíon tacú le healaíontóirí agus an pobal a spreagadh freisin, bailíodh na píosaí go léir fad is a bhí na healaíontóirí fós beo agus i mbun oibre. Is féidir formhór den saothar a fheiceáil ar líne, ar http://artscouncil.emuseum.com/.
←Fill ar ais go dtí an nuacht