Fógraíodh gurb í an t-údar Gaeilge Áine Ní Ghlinn (Dé Céadaoin 13 Bealtaine) séú Laureate na nÓg, Laureate Litríochta Leanaí na hÉireann. Is í Áine an chéad údar a scríobhann go heisiach i nGaeilge a bhfuil an onóir á bronnadh uirthi, agus beidh an teideal aici as seo go dtí 2022.
Is onóir é Laureate na nÓg a bunaíodh in 2010 le cur le rannpháirtíocht daoine óga i litríocht ardchaighdeáin agus chun béim a chur ar an tábhacht a bhaineann le litríocht do leanaí inár saol cultúrtha agus samhlaíoch. Tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon atá ann, á riar ag Leabhair Pháistí Éireann, agus ag a bhfuil tacaíocht aige ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus ó Éigse Éireann.
Is scríbhneoir do leanaí agus file í Áine Ní Ghlinn. Tá os cionn deich gcinn fichead de leabhair scríofa aici, ina measc bailiúcháin filíochta agus sraith leabhar agus úrscéalta do leanaí agus do dhéagóirí. Beidh sí ag iarraidh, fad is a bheidh sí ina Laureate, an fhallaing fholaigh sin a thógáil ó údair a scríobhann i nGaeilge agus ó leabhair Ghaeilge, agus leanaí agus daoine óga a spreagadh a bheith ag léamh as Gaeilge i gcomhair pléisiúir.
Dúirt an tOll. Kevin Rafter, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon:
“Bhunaigh an Chomhairle Ealaíon Laureate na nÓg chun onóir a thabhairt do na healaíontóirí is breátha dá bhfuil sa réimse litríochta do leanaí, agus ar ndóigh is ealaíontóir mar sin í ár séú Laureate na nÓg. Tá saothar Áine Uí Ghlinn cróga agus gleoite, agus níl sárú a tiomantais dá ceird agus don fhocal scríofa le fáil. Scríobhann sí thar gach aoisghrúpa agus seánra, is í Áine Ní Ghlinn duine de na healaíontóirí is cumasaí agus is muirní dá bhfuil againn, agus tá an Chomhairle mórtasach as an teideal Laureate na nÓg a bhronnadh uirthi.
“Tá tábhacht bhreise ag baint leis an ngradam sa ghéarchéim reatha. In aghaidh an chúlra sin, níl aon amhras orm ach go mbeidh Áine in ann leanaí agus daoine óga a spreagadh agus a stiúradh ina tréimhse mar Laureate agus go ndéanfaidh sí é sin trí chumhacht na peannaireachta.”
Agus í ag labhairt i gcáil Laureate na nÓg, dúirt Áine Ní Ghlinn:
“Táim ar bís a bheith ceaptha mar Laureate na nÓg. Is é seo buaicphointe mo ghairme mar scríbhneoir agus is onóir dochreidte í a bheith ar an gcéad Laureate na nÓg a scríobhann as Gaeilge amháin. Mar chuid lárnach de mo théarma Laureate, ba mhaith liom próifíl na litríochta Gaeilge do leanaí a ardú. Ba mhaith liom daoine a chur ag comhrá faoi leabhair Ghaeilge do pháistí agus an clóca dofheictheachta a bhaineann le leabhair Ghaeilge do pháistí a ardú. Táim ag iarraidh go mbeidh an teacht céanna ag leanaí, tuismitheoirí, ag Mamó is Daideo, ag múinteoirí uile na tíre ar litríocht ardchaighdeáin as Gaeilge is atá acu cheana féin ar leabhair Bhéarla do pháistí. Tá an deis tuillte ag leanaí a bheith ag gabháil do litríocht na Gaeilge i gcomhair pléisiúir agus ní díreach mar obair scoile.”
As Contae Thiobraid Árann ó dhúchas d’Áine. D’oibrigh sí ar feadh roinnt blianta in RTÉ agus i Raidió na Gaeltachta, agus caitheann sí a cuid ama idir a bheith ag scríobh, ceardlanna i scríbhneoireacht chruthaitheach a chur ar fáil i scoileanna ar fud na tíre agus ag tabhairt léachtaí in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath go páirtaimseartha. Bhain a cuid leabhair Gradam Leabhar na Bliana Gradam Reics Carló amach trí huaire, an uair dheiridh in 2019 de bharr a húrscéil, Boscadán. In 2015, bhain a húrscéal d’aosaigh óga Daideo an Gradam Onórach Ficsin ag Gradaim Leabhar na Bliana Leabhair Pháistí Éireann, chomh maith le Leabhar na Bliana Chumann Litearthachta na hÉireann.
Dúirt John Edmund, Cathaoirleach Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann:
"Tá Áine Ní Ghlinn á ceapadh mar Laureate na nÓg ag tráth a bhfuil an fhilíocht agus an litríocht níos tábhachtaí ná riamh, ag tabhairt sóláis do leanaí (agus dá dtuismitheoirí) sa ré éiginnte seo. Is oscailt súl an oiread leanaí atá ag tabhairt aird ar fhilíocht trí mheáin dhigiteacha agus shóisialta i rith na géarchéime seo, agus níl aon amhras ach go gcuirfidh ceapachán Áine gné eile leis sin. Beidh Áine mar ambasadóir do scríbhneoireacht leanaí, ag spreagadh glúin nua léitheoirí agus scríbhneoirí chun fáilte a chur roimh scéalta, dánta, coincheapa agus smaointe nua. Is gradam sainiúil tábhachtach é Laureate na nÓg, ceann a neartóidh deiseanna don aos óg ar fud oileán na hÉireann le bheith ag gabháil do litríocht ardchaighdeáin do leanaí."
Is iarchathaoirleach ar Ghradaim Leabhar na Bliana Leabhair Pháistí Éireann í Áine agus throid sí go láidir ar son scríbhneoirí agus maisitheoirí Gaeilge. Tá sí ag obair san earnáil litríochta do leanaí i gcoitinne le blianta fada mar sheaimpín feiceálach, glórach agus tomhaiste leabhair a scríobhadh do leanaí i nGaeilge. Roghnaíodh Áine mar dhuine de scór CAILÍNÍ DÁNA Leabhair Pháistí Éireann in 2018, tionscadal ina ndearnadh comóradh ar chailíní agus ar mhná láidre i litríocht do leanaí agus inar aibhsíodh ealaíontóirí ban na hÉireann a bhfuil saothar den scoth cruthaithe acu.
←Fill ar ais go dtí an nuacht