Feadfaidh tú sonraí teagmhála na n-eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú ón gComhairle Ealaíon a rochtain sa chuid Naisc dár láithreán gréasáin.
Tá sonraí teagmhála agus sonraí teicniúla le haghaidh ionad tionóil do na healaíona léirithe Thuaidh agus Theas le fáil ar Hallaí Éisteachta. Bunachar sonraí ar líne atá ann ina dtugtar eolas faoin mbonneagar fisiceach le haghaidh na n-ealaíon léirithe ar fud an oileáin.
Ní choinníonn an Chomhairle Ealaíon liosta cuimsitheach de na hionaid ealaíon in Éirinn faoi láthair. Is féidir faisnéis faoi réimsí áirithe a fháil ar na láithreáin gréasáin seo a leanas, áfach.
- Láithreán gréasáin Chumann Imeachtaí Féile na hÉireann(Association of Irish Festival Events): www.aoifeonline.com
- Visual Artists Ireland - eagraíocht uile-Éireann na bhfísealaíontóirí gairmiúla: www.visualartists.ie
- Auditoria (arna bhunú ag Comhairlí Ealaíon na hÉireann chun athbhreithniú a dhéanamh ar phleanáil, cláir agus soláthar ionad tionóil le haghaidh na n-ealaíon léirithe in Éirinn): http://auditoria.artscouncil.ie/
- Ba iad dhá Chomhairle Ealaíon na hÉireann a rinne é seo a fhorbairt agus a dhéanann cothabháil air www.art.ie Is liosta cuimsitheach é seo de na himeachtaí ealaíon in Éirinn thuaidh agus theas.
Cuireann an reachtaíocht um Chosaint Sonraí cosc orainn sonraí teagmhála daoine aonair a thabhairt do thríú páirtí gan cead d’aon ghnó a fháil uathu. B’fhéidir go ndéanfá iarracht láithreán gréasáin an duine féin a fháil trí chuardach a dhéanamh ar líne. Is féidir linn cabhrú i gcásanna eisceachtúla trí litir a sheoladh ar aghaidh, ach ní féidir linn gníomhú mar idirghabhálaí.