Into the Light
Into the Light: Is sraith ollmhór de thaispeántais The Arts Council - 60 Years of Supporting the Arts lena ndéantar 60 bliain de thacaíocht d’ealaíontóirí agus do na físealaíona ón gComhairle Ealaíon a cheiliúradh. Is comhpháirtíocht an t-imeacht idir an Chomhairle Ealaíon agus ceithre dhánlann ealaíne Éireannacha mór le rá.
Táirgeadh leabhar freisin mar chuid de Into the Light. Áirítear leis seo níos mó ná céad de na saothair a roghnaíodh le haghaidh an taispeántais mar léaráidí lándaite, mar aon le haistí agus amlíne lena ndéantar na físealaíona agus beartas ealaíon in Éirinn le 60 bliain anuas a iniúchadh. Tá an leabhar ar díol ag na hionaid óstála.
Airítear leis na taispeántais níos mó ná 150 saothar ó bhailiúchán na Comhairle Ealaíon. Rinneadh mórán de na saothair a aisghairm ó áiteanna ina bhfuil siad ar iasacht ar fud na tíre agus beidh siad ar taispeáint sna háiteanna seo a leanas.
Tá cead isteach saor in aisce chuig na ceithre láthair uile.
Tá saoráidí caifé ar fáil ag gach ionad agus is féidir leat sonraí faoi chláir phoiblí a fháil anseo.
Dánlann Ealaíne Crawford, Corcaigh
Rinne Dawn Williams coimeádaíocht ar Into the Light ag Dánlann Ealaíne Crawford. Tá an taispeántas dírithe ar shaothar bunaithe ar lionsa agus ar shaothar suiteála a fuair an Chomhairle Ealaíon sna 2000í. Coimisiúnaíodh an t-ealaíontóir, Mark Clare, chun saothar nua a tháirgeadh mar fhreagairt ar an taispeántas. Cliceáil anseo chun breathnú ar na saothair ar taispeántas ag Dánlann Ealaíne Crawford.
- Suíomh Gréasáin: http://www.crawfordartgallery.ie
- Dátaí an taispeántais: 4 Nollaig 2012-23 Feabhra 2013
- Uaireanta Oscailte: Luan go Céadaoin, Aoine go Satharn: 10:00-17:00; Déardaoin: 10:00-20:00; Dúnta ar an Domhnach.
Gailearaí Hugh Lane Chathair Bhaile Átha Cliath
Rinne Michael Dempsey coimeádaíocht ar Into the Light ag Gailearaí Hugh Lane. Déantar cineálacha cur chuige a fhiosrú leis an taispeántas maidir le teibíocht sa nua-ealaín agus san ealaín chomhaimseartha. Sa taispeántas, breithnítear spás fisiciúil an ghailearaí mar shíneadh de phlána teibí an phictiúir, mar aon leis an dóigh ina n-imrítear tionchar ar eispéireas an bhreathnóra den saothar le hailtireacht agus éiteas na n-institiúidí ealaíne. Coimisiúnaíodh an t-ealaíontóir, Karl Burke Clare, chun saothar nua a tháirgeadh i gcaidreamh leis an gcoimeádaí. Cliceáil anseo chun breathnú ar na saothair ar taispeántas ag Gailearaí Hugh Lane.
- Suíomh Gréasáin: http://www.hughlane.ie
- Dátaí an taispeántais: 28 Samhain 2012-24 Feabhra 2013
- Uaireanta Oscailte: Máirt go Déardaoin: 10.00rn-6.00in
Aoine & Satharn: 10.00rn-5.00in; Domhnach: 11.00rn-5.00in
Dúnta ar an Luan.
Dánlann Chathair Luimnigh
Roghnaigh Baz Burke, Anne Horrigan, John Logan, Paul Tarpey agus Helen Carey Into the Light ag Dánlann Chathair Luimnigh. Áirítear leis an taispeántas péintéireacht agus dealbhóireacht a fuair an Chomhairle Ealaíon i rith na 1960í agus 1970í. Coimisiúnaíodh an t-ealaíontóir, Emmet Kierans, chun saothar nua a tháirgeadh mar fhreagairt ar an taispeántas. Cliceáil anseo chun breathnú ar na saothair ar taispeántas ag Dánlann Chathair Luimnigh.
- Suíomh Gréasáin: http://gallery.limerick.ie/
- Dátaí an taispeántais: 30 Samhain 2012-18 Eanáir 2013
- Uaireanta Oscailte: Luan, Céadaoin, Aoine: 10.00rn-5.30in Máirt: 11.00rn-5.30in; Déardaoin: 10.00rn-8.30in; Satharn: 10.00rn-5.00in; Domhnach: 12.00rn-5.00in. Dúnta ar Laethanta Saoire Bainc.
The Model, Sligeach
Rinne Michael Dempsey coimeádaíocht ar Into the Light ag The Model. Cuirtear saothair i láthair leis an taispeántas ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon agus ó Bhailiúchán Niland lena ndéantar téamaí a fhiosrú lena n-áirítear tírdhreach, nádúr leis an mbaile agus ceardaíocht. Coimisiúnaíodh an t-ealaíontóir, Sean Lynch, chun saothar nua a tháirgeadh mar fhreagairt ar an taispeántas. Cliceáil anseo chun breathnú ar na saothair ar taispeántas ag The Model, Sligo.
- Suíomh Gréasáin: http://themodel.ie
- Dátaí an taispeántais: 7 Nollaig 2012-24 Márta 2013
- Uaireanta Oscailte: Máirt-Satharn: 10.00rn-5.30in; Domhnach: 12-5in; Dúnta: Luan.