Safe From Harm, Richard Mosse, North Thuaidh, An Congó Thoir, 2012 (prionta crómaigine digiteach, 71 x 89 cm, eagrán de 5) Grianghraf: Le caoinchead ón ealaíontóir agus ó Jack Shainman Gallery
D’fhógair an Chomhairle Ealaíon camchuairt ceiliúrtha d’iontráil na hÉireann i dTaispeántas Ealaíon Idirnáisiúnta 55 bliain, Biennale na Veinéise, i mBaile Átha Cliath agus i Luimneach go luath in 2014. Is ionadaíocht náisiúnta í iontráil na hÉireann sa Biennale arna tacú ag an gComhairle Ealaíon, agus ag rannán Cultúr Éireann na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Tacóidh an Chomhairle Ealaíon le camchuairt na hÉireann mar chuid dá thiomantas na hamharcealaíona a chur chun cinn i meas lucht féachana na hÉireann.
The Enclave
Tugadh aitheantas forleathan do The Enclave leis an ealaíontóir Éireannach Richard Mosse sa Veinéis agus beidh an chamchuairt chun teacht abhaile a cheiliúradh arna tacú ag an gComhairle Ealaíon ar taispeáint ag Acadamh Ibeirneach Ríoga Bhaile Átha Cliath ón 30 Eanáir go an 12 Márta agus i Luimneach chun imeachtaí Chathair an Chultúir a cheiliúradh ón 28 Márta go dtí an 5 Bealtaine 2014.
Le linn 2012, thaisteal Richard Mosse agus a chomhpháirtithe Trevor Tweeten agus Ben Frost in oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó, ag fáil bealach isteach i ngrúpaí ceannairceach armáilte i gceantar cogaidh a bhí céasta go minic ag luíocháin, sléachtanna agus foréigean gnéasach córasach. Is iarracht é an toradh air sin, The Enclave iarracht Mosse athmhachnamh a dhéanamh ar ghrianghrafadóireacht chogaíochta. Cuardach atá ann le haghaidh straitéisí níos oiriúnaí, straitéisí a bheadh ionadaíoch do thragóid Afracach atá ligthe i ndearmad agus, de réir an Choiste um Tharrtháil Idirnáisiúnta, a bhfuair ar a laghad 5.4 milliún duine bás ann mar gheall ar chúiseanna cogaíochta in oirthear an Chongó ó 1998.
Tá folúntas cumhachta in oirthear an Chongó le fada an lá agus ciorcal uafásach foréigin ann dá bharr, ‘staid cogaíochta’ Hobbesian, agus é chomh brúidiúil agus casta leis sin go seasann sé in aghaidh na cumarsáide. Tugann Mosse scannán faireachais scortha isteach sa scéal seo, ina léiríonn sé coimhlint doláimhsithe le meán a chomhshocraíonn speictream dofheicthe solais infridheirg, agus a rinneadh den chéad uair le haghaidh duaithníocht a aithint. Déanann na híomhánna a thagann ina dhiaidh, a shiútáil an cineamatagrafaí Trevor Tweeten ar scannán infridhearg 16mm, déanann siad pailéad mearbhlach sícideileadh den dufair. Tá píosa Ben Frost, fuaimrian comhthimpeallach agus a rinneadh go hiomlán as taifeadtaí a rinneadh sa ghort in Oirthear Phoblacht an Chongó, le cluinstin go duairc le linn na tragóide atá ag titim amach.
Éire sa Veinéis
Ó 1950 nuair a ghlac Éire páirt den chéad uair in La Biennale di Venezia leis na healaíontóirí Norah McGuinness agus Nano Reid, tá an Biennale ina ardán riachtanach d’ealaíontóirí, do choimeádaithe agus do choimisinéirí na hÉireann próifíl idirnáisiúnta a fháil agus chun deiseanna a thabhairt dóibh a gcuid saothar a thaispeáint lasmuigh d'Éirinn.
Is tionscnamh de chuid Cultúr Éireann é rannpháirtíocht na hÉireann ag Biennale na Veinéise, i gcomhpháirt leis an gComhairle Ealaíon. Príomhdheis a bhí sa taispeántas do phobal idirnáisiúnta ealaíon dul i ngleic le cleachtas comhaimseartha ealaíon na hÉireann agus d’ealaíontóirí na hÉireann a gcuid saothar a thaispeáint ar ardán idirnáisiúnta.
I measc na n-ealaíontóirí a bhí ionadaíoch ar son na hÉireann sa Veinéis tá Corban Walker (2011, Coimisinéir Emily-Jane Kirwan, Coimeádaí Eamonn Maxwell), Sarah Browne agus Gareth Kennedy (2009, Coimisinéir/ Coimeádaí Caoimhín Corrigan), Gerard Byrne (2007, Coimisinéir/Coimeádaí Mike Fitzpatrick), agus Stephen Brandes, Mark Garry, Ronan McCrea, Sarah Pierce, Isabel Nolan agus Walker agus Walker (2005, Coimisinéir/Coimeádaí Sarah Glennie).