Tabharfaidh an Chomhairle Ealaíon cuireadh do 60 toscairí óg (idir 15 bliana agus 23 bliana d’aois) páirt a ghlacadh i sraith cruinnithe, ceardlanna ealaíon agus díospóireachtaí a mhairfidh ar feadh trí lá.
Táimid ag iarraidh grúpaí 5 toscairí (nó grúpaí ar a mbeidh idir 3 agus 6 toscairí) chun ionadaíocht a dhéanamh ar thionscadail ealaíon atá á stiúradh ag daoine óga, ar chláir ealaíon, ar eagraíochtaí óige nó ar scoileanna ar fud na tíre. Caithfidh daoine óga idir 15 bliana agus 17 mbliana d’aois iarratas a chur isteach mar chuid de ghrúpa. Féadfaidh daoine óga idir 18 agus 23 bliana d’aois cur isteach air mar dhaoine aonair nó mar ghrúpa.
Is féidir foirmeacha um ráitis suime i gcomhair grúpaí agus daoine aonair a íoslódáil anseo:
Más mian libh freastal mar ghrúpa caithfidh sibh foirm Ráiteas Suime a chur isteach i gcomhair bhur ngrúpa mar aon le foirmeacha faoi leith i gcomhar gach ball den ghrúpa.
Tabhair faoi deara le do thoil: ní mór do thuismitheoir cead a thabhairt i gcás daoine óga idir 15 bliana agus 17 mbliana d’aois agus caithfidh ceannaire fásta a bhfuil cáilíocht oiriúnach aige nó aici a bheith in éineacht leis an ngrúpa. Is féidir costas taistil agus cóiríochta a thairiscint i gcomhair ceannaire fásta amháin in aghaidh gach cúigear toscairí idir 15 bliana agus 17 mbliana d’aois.
Caithfear na foirmeacha a chomhlánú agus a sheoladh ar ais chuig an gComhairle Ealaíon roimh an gCéadaoin, 24 Feabhra 2010. Seol do chuid foirmeacha comhlánaithe i ríomhphost chuig mathilde.veldt@artscouncil.ie nó tríd an bpost chuig Mathilde Veldt, Cúntóir: Daoine Óga, Páistí agus Oideachas, An Chomhairle Ealaíon, 70 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2.
Cén chaoi a mbeidh a fhios agam an mbeidh áit agam ann?
Nuair a fhaightear na foirmeacha Ráiteas Suime go léir, déanfar teagmháil leat nó le do ghrúpa le dearbhú go mbeidh áit agat/agaibh. Déanfaimid iarracht agus sinn ag tairiscint áiteanna go mbeidh ionadaíocht leathan ag daoine óga ó áiteanna éagsúla ar fud na tíre agus go mbeidh cúlraí, spéiseanna agus taithí éagsúla acu. Dearadh na foirmeacha Ráiteas Suime i gcomhair grúpaí agus daoine aonair chun faisnéis a sholáthar a chabhróidh linn é sin a chinntiú.
An bhfuil aon bhealach eile ann ina bhféadfainn páirt a ghlacadh sa díospóireacht?
Is iomaí bealach ar féidir páirt a ghlacadh in Ealaíon-Óige-Cultúr: FYI.
Seolfar fóram ar líne roimh an imeacht trí lá seo, agus iarrfar ar dhaoine ar spéis leo é tráchtanna a dhéanamh agus a smaointe a chur in iúl. Má tá íomhá, taifead fuaime nó físe, nó ráiteas i scríbhinn agat a bhaineann le rannpháirtíocht daoine óga sa saol cultúrtha agus sna healaíona, agus más mian leat é a roinnt leis na daoine óga eile agus le lucht déanta beartas, tá súil againn go nglacfaidh tú páirt san fhóram ar líne.
Inis dúinn le do thoil má tá imeacht ealaíne óige de chineál ar bith á reáchtáil agat ar scoil nó lasmuigh den scoil i Márta nó Aibreán 2010, agus más mian leat óstáil a dhéanamh ar dhíospóireacht, cheardlann nó ghníomhaíocht eile a d’fhéadfaí a nascadh le hEalaíon-Óige-Cultúr: FYI. Ba mhór linn cloisteáil uait freisin mura bhfuil aon imeacht beartaithe agat ach gur mian leat tús a chur le díospóireacht, ceardlann nó le gníomhaíocht éigin eile i do cheantar.
Ba chóir gach ceist nó moladh faoi conas a bheith rannpháirteach a sheoladh chuigmathilde.veldt@artscouncil.ie.
Más duine de lucht ceaptha beartas tú agus saindualgas ort maidir le daoine óga, an saol cultúrtha nó na healaíona, agus más spéis leat páirt a ghlacadh san imeacht seo, téigh i dteagmháil le do thoil le: mathilde.veldt@artscouncil.ie.