Úsáideann an Chomhairle Ealaíon an téarma 'na healaíona agus míchumas' chun raon cleachtais agus gníomhaíochtaí ealaíne ina mbíonn daoine faoi mhíchumas páirteach iontu mar chleachtóirí agus mar lucht féachana/éisteachta a chuimsiú. Cuimsíonn sé cleachtais uilechuimsitheacha agus chomhoibritheacha, na healaíona do dhaoine faoi mhíchumas, na healaíona do na bodhair agus abhcóideacht.
Oibríonn an Chomhairle Ealaíon de réir an mhúnla shóisialta um míchumas ar fud na bhfoirmeacha ealaíne. Samhlaítear leis rannpháirteachas agus rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas sna healaíona ag gach leibhéal mar chleachtóirí, mar rannpháirtithe, mar fhostaithe, mar lucht féachana, mar chomhairleoirí, agus mar bhaill bhoird, agus iad ag leanúint phrionsabail na rochtana agus an chomhionannais atá bunaithe ar chearta cultúrtha agus daonna agus teidlíochtaí a dhearbhú.
Le trí bliana anuas, tá an Chomhairle Ealaíon i mbun tionscnaimh d'fhonn acmhainní áitiúla a fhorbairt i gcomhpháirtíocht le hEalaíona agus Míchumas Éireann (ADI) agus le húdaráis áitiúla roghnaithe. Rinneadh an tionscnamh um Líonrú Ealaíon agus Míchumais (ADN) a phíolótú den chéad uair i gcomhpháirtíocht le hOifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo sa bhliain 2009/2010 agus, ó shin amach, tugadh isteach é i gcathair na Gaillimhe agus i gContae na Gaillimhe. Beidh an tríú seisiún ar siúl i gCathair Chorcaí in 2012. Tá sé mar aidhm ag an múnla feabhas a chur ar rochtain agus ar dheiseanna d'ealaíontóirí atá faoi mhíchumas trí chomhairle agus thacaíocht ó phiaraí agus ó chomhpháirtithe náisiúnta. Tógtar sainiúlacht na riachtanas agus na n-acmhainní áitiúla san áireamh agus tá sé bunaithe ar cheithre phríomhghné:
- Oiliúint um Míchumas agus Chomhionannas a sholáthar d'ionaid agus d'ealaíontóirí aonair
- Tacaíocht a sholáthar d'ionaid agus d'ealaíontóirí aonair maidir le hiniúchtaí rochtana a fhorbairt agus le raon feidhme na gcleachtas ealaíon agus míchumais a leathnú sa chontae
- Obair na n-ealaíon comhaimseartha agus an mhíchumais atá ar ardchaighdeán agus gairmiúil a chur i láthair in ionad áitiúil (nó in ionaid áitiúla)
- Acmhainní a bhaineann le dea-chleachtas a ghiniúint agus a scaipeadh.