Seoladh an suíomh Gréasáin neamhspleách náisiúnta www.artsandhealth.ie Dé Céadaoin an 5 Deireadh Fómhair ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan T.D., ag Ospidéal Déidliachta Bhaile Átha Cliath, Plás Lincoln, Baile Átha Cliath 2. I measc na gcainteoirí eile ag an ócáid bhí Pat Moylan, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, agus an Dochtúir Nazih Eldin, Ceann Chur Chun Cinn na Sláinte, FSS.
Suíomh Gréasáin neamhspleách náisiúnta maidir leis na healaíona agus an tsláinte is ea www.artsandhealth.ie, agus is iad an Waterford Healing Arts Trust (WHAT) agus Create (an ghníomhaireacht náisiúnta forbartha um ealaíona comhpháirteacha i gcomhthéacsanna sóisialta agus pobail) a rinne é a fhorbairt. Chuir an Chomhairle Ealaíon tús le forbairt an tsuímh Ghréasáin agus rinne sí é a mhaoiniú mar ghné thábhachtach maidir le cur chun feidhme a Beartas Ealaíon agus Sláinte, a foilsíodh i mí na Nollag 2010.
Leis an suíomh Gréasáin nua, soláthraítear acmhainn agus pointe fócasach i gcomhair réimse éiritheach na healaíona agus na sláinte in Éirinn trí fhaisnéis, chomhairle, thacaíocht, agus nuacht, agus gintear plé idir ealaíontóirí, eagraíochtaí ealaíon, úsáideoirí seirbhísí sláinte, cúramóirí, gairmithe cúram sláinte agus daoine eile a bhfuil suim acu i réimse dinimiciúil na n ealaíon agus na sláinte.
Nóta: Tagann an íomhá ó artsandhealth.ie atá le feiceáil ar leathanach baile na Comhairle Ealaíon ón tionscadal ‘The Amulet' le Marie Brett ag Ospidéal Máithreachais Ollscoil Chorcaí (2009-2011).