Na healaíona in Éirinn
Chun faisnéis a fháil maidir le gach eagraíocht atá á maoiniú ag an gComhairle Ealaíon agus a oibríonn i scoileanna, féach ar an Eolaire maidir leis na hEalaíona san Oideachas (2007).
Cuireadh na Treoirlínte Ealaíontóirí~Scoileanna le chéile chun treoirlínte praiticiúla a chur ar fáil a chabhróidh le healaíontóirí agus le múinteoirí oibriú i gcomhpháirtíochtaí struchtúrtha comhurramacha le daoine óga, d'fhonn a gcuid cruthaitheachta a fhorbairt, a gcuid eispéireas ealaíona a shaibhriú agus an fhoghlaim atá ar bun acu a fheabhsú.
Tá sé beartaithe go gcabhróidh siad le múinteoirí agus le healaíontóirí, le daltaí agus le cúramóirí príomhúla, scoileanna agus eagraíochtaí ealaíon, lucht déanta beartais agus soláthraithe agus gach duine eile a bhfuil suim acu i gcleachtas Ealaíontóirí~Scoileanna. D’fhéadfadh na treoirlínte a bheith úsáideach freisin do thionscadail agus do chláir ealaíon i suíomhanna pobail agus sóisialta eile.
Toradh ar chomhpháirtíocht idir an Chomhairle Ealaíon agus an Roinn Oideachais atá sna Treoirlínte Ealaíontóirí~Scoileanna. Ba iad Coiste Stiúrtha agus Grúpa Lárnach ó earnáil an oideachais agus ó earnáil na n-ealaíon a cheap an doiciméad seo. Foilsíodh Treoirlínte Ealaíontóirí~Scoileanna in 2006.