Cosaint agus leas leanaí

 
Cúlra agus comhthéacs

Ag leanúint ar aghaidh ó fhoilsiú Children First: National Guidelines for the Protection and Welfare of Children i 1999 agus i gcomhthéacs na feasachta atá ag méadú maidir le mí-úsáid leanaí in Éirinn shocraigh an Chomhairle Ealaíon príomhról a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar an gceist a bhaineann le cosaint agus leas leanaí in earnáil na n-ealaíon trí dhea-chleachtas a chur chun cinn.


Chuaigh an Chomhairle Ealaíon i dteagmháil le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) in 2003. Tugadh grúpa oibre le chéile chun treoirlínte a leagan amach bunaithe ar Children First.


Chuir FSS Oiliúint in Ag Fanacht Slán ar fáil d'eagraíochtaí ealaíon in 2004 i gceithre ionad timpeall na tíre.  Sholáthair an próiseas seo imlíne bhunúsach do Threoirlínte um Chosaint Leanaí na Comhairle Ealaíon.

Ar ais go barr >>
Treoirlínte

Is teimpléad iad na treoirlínte, a foilsíodh in 2006, a úsáidfidh eagraíochtaí ealaíon agus a chuirfidh siad in oiriúint lena gcuid treoirlínte féin a fhorbairt.


Is treoirlínte 'dea-chleachtais' iad a chlúdaíonn:

  • Ráiteas beartais eagraíochta ar chosaint agus leas leanaí
  • Cód iompair 
  • Nósanna imeachta um thuairisciú 
  • Ráiteas rúndachta 
  • Earcaíocht agus roghnú foirne 
  • An fhoireann a bhainistiú agus a mhaoirsiú 
  • Páirtíocht cúramóirí príomhúla 
  • Ag déileáil le líomhaintí i leith baill foirne 
  • Nósanna imeachta maidir le gearáin agus tráchtaí 
  • Nósanna imeachta maidir le timpistí

Tá sé mar cheanglas ar eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú ón gComhairle

Ar ais go barr >>
Treoirlínte maidir le híomhánna de leanaí agus daoine óga a thógáil agus a úsáid

Réamhrá

Bíonn ról tábhachtach ag an úsáid a bhaintear as íomhánna i gcuid mhaith gnéithe den obair a dhéantar le leanaí agus daoine óga. Is féidir íomhánna i go leor formáidí a úsáid chun gníomhaíochtaí agus eispéiris a thaifeadadh, a dhoiciméadú, a léiriú, a chothú agus a cheiliúradh.  Mar gheall ar theicneolaíocht atá ag fáil níos inrochtana agus níos éagsúla i gcónaí tá níos mó íomhánna á dtaifeadadh, á roinnt, á scaipeadh agus á bhfógairt go forleathan anois ná mar a bhí riamh cheana agus níl aon amhras faoi ach go leanfaidh an cleachtas sin agus go ndéanfar é a fhorbairt níos mó.

Tá imní ag méadú freisin faoi mhí-úsáid íomhánna agus is mar gheall air sin go bhfuil na treoirlínte ar dhea-chleachtas deartha chun cuidiú le heagraíochtaí, ealaíontóirí agus cleachtóirí úsáid a bhaint as íomhánna ar bhealaí a thugann ómós don phríobháideachas agus nach gcuireann leanaí agus daoine óga i mbaol gan gá.

An comhthéacs dlíthiúil

Níl aon chosc dlíthiúil ar aon duine grianghraif a thógáil ná ábhar físe a thaifeadadh le leanaí agus daoine óga. Ach tá grianghraif agus íomhánna físe rangaithe mar shonraí pearsanta faoi théarmaí na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1998/2003 agus tá sé de cheart ag daoine fios a bheith acu ar na taifid atá ann agus ba chóir taifid den sórt sin a choinneáil slán sábháilte.

Tá ceart chun príobháideachais ag leanaí agus daoine óga, ach an oiread le daoine fásta agus mar sin ba chóir toiliú a iarraidh maidir le sonraí pearsanta a úsáid, lena n-áirítear íomhánna. I gcás leanaí (suas go dtí 18 mbliana d'aois) ba chóir toiliú tuismitheora a iarraidh agus eolas a thabhairt ar conas a úsáidfear na híomhánna agus cén úsáid a bhainfear astu. 

Breathnaítear ar freisin mar dhea-chleachtas ó thaobh cúrsaí cosanta leanaí a chinntiú go nglactar bearta chun leanaí agus daoine óga a chosaint ó mhí-úsáid íomhánna agus nach gcuirfí eolas pearsanta mar aitheantas agus áit chónaithe ar fáil go poiblí gan fios a bheith acu air agus a dtoiliú feasach a bheith faighte.

Treoirlínte Dea-Chleachtais

  • Níor chóir íomhánna taifeadta a dhéanamh, a choinneáil agus a úsáid ach amháin nuair atá cúis bhailí lena ndéanamh a bhaineann leis an ngníomhaíocht atá i gceist. 
  • Ba chóir taifeadadh íomhánna a mhaoirsiú díreach mar a dhéanfaí le gníomhaíocht ar bith eile. 
  • Ba chóir toiliú a fháil roimh ré chun íomhánna a thógáil, a stóráil agus a úsáid. 
  • Ba chóir leanaí, daoine óga agus tuismitheoirí a chur ar an eolas maidir le conas agus cá háit a úsáidfear a gcuid íomhánna. 
  • Níor chóir íomhánna a úsáid ach amháin sa chomhthéacs atá beartaithe dóibh agus níor chóir iad a thógáil ná a úsáid lasmuigh den chomhthéacs sin. 
  • Go ginearálta níor chóir na leanaí a aithint, ach amháin nuair atáthar ag tabhairt aitheantas dóibh go poiblí (m.sh. dámhachtain, taibhléiriú, gnóthachtáil) ag a bhfuil toiliú faighte. 
  • Chun críocha poiblíochta, is fearr grianghraif a thógáil de ghrúpaí seachas de dhaoine aonair.
  • Cinntigh go bhfuil gach leanbh agus duine óg gléasta i gceart. 
  • Cinntigh nach gcuireann na híomhánna náire, anacair ná suaitheadh ar na leanaí ná nach gcuidíonn siad chun é sin a dhéanamh.  
  • Úsáid íomhánna a léiríonn éagsúlacht na leanaí agus daoine óga atá rannpháirteach in aon ghníomhaíocht nó socrú faoi leith. 
  • Ná húsáid íomhánna de leanaí nó daoine óga a fheictear mar dhaoine soghonta nó daoine a dteastódh cosaint óna n-aitheantas. (Ba chóir na cúinsí ina bhféadfaí leanbh nó duine óg a mheas mar dhuine soghonta a phlé le tuismitheoirí nó cúramóirí). 
  • Is féidir cead a iarraidh chun íomhánna de leanaí agus daoine óga a thógáil agus a úsáid mar chuid dá bpróiseas cláraithe ar ghníomhaíocht, clár nó imeacht. 
  • Níor chóir go mbeadh teorainn le rannpháirtíocht na leanaí nó na ndaoine óga i ngníomhaíochtaí de bharr toiliú a dhiúltú.
  • Sa chás go gcoinnítear íomhánna le haghaidh úsáid amach anseo ba chóir ainmneacha, dátaí ábhartha agus eolas comhthéacsúil eile a stóráil in éineacht leo chomh maith le toiliú sínithe le haghaidh a n-úsáide.

Treoirlínte d'íomhánna a thógann leanaí agus daoine óga

I gcúinsí ina dtógann leanaí nó daoine óga grianghraif nó gearrthóga físe de leanaí nó daoine óga eile, dá n-úsáid féin, ba chóir bunrialacha den chineál céanna a chomhaontú.

  • Níor chóir íomhánna a thógáil ach amháin más eol do na rannpháirtithe é agus má tá siad toilteanach go dtógfaí iad.
  • Níor chóir aon íomhá a thógáil a d'fhéadfadh náire ná anacair a tharraingt ar an duine. 
  • Tá dualgas cúraim ar fhoireann maoirseachta dúshlán a thabhairt d'aon iompar míchuí.

Tá an Chomhairle Ealaíon ag obair i gcomhar le healaíontóirí agus le heagraíochtaí ealaíon chun treoirlínte dea-chleachtais a fhorbairt i gcuid mhaith sféar. Déanfar athbhreithniú ar na treoirlínte sin agus tabharfar chun dáta iad de réir mar is gá. 

Is féidir foirm toilithe shamplach do thuismitheoirí gur féidir le heagraíochtaí a chur in oiriúint dá gclár sainiúil féin a fháil sa rannóg acmhainní ag bun an leathanaigh seo.

Ar ais go barr >>
Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána

Tá an tsaincheist faoi rochtain ar Ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána ina hábhar imní níos mó agus níos mó do mhórán ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon agus bhí an Chomhairle Ealaíon ag obair i gcomhar le Lár-Aonad Grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána (LAGG) chun teacht ar eagraíochtaí acmhainne ealaíon atá toilteanach clárú leis an LAGG chun iarratais a phróiseáil.

Is próiseas é grinnfhiosrúchán na nGardaí ina ndéantar seiceáil ar chóras taifead coiriúil na nGardaí chun deimhniú cibé an bhfuil taifead de chiontuithe coiriúla, gabhálacha, ionchúisimh nó cásanna ar feitheamh ag duine nó nach bhfuil.  Cuirtear an t-eolas seo ar fáil le toiliú an duine, ar bhonn rúnda díreach chun críocha treoir a thabhairt do chinnteoireacht i gcúrsaí earcaíochta.  Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird nach bhfuil i nGrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána ach gné amháin den phróiseas earcaíochta foriomlán agus ba chóir é a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs cleachtais earcaíochta shábháilte.

Ba chóir d'eagraíochtaí ar mian leo clárú do Ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána Beartais agus Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí iomchuí a bheith i bhfeidhm acu, atá ceadaithe ag FSS.  Ní mór do dhaoine a ainmnítear chun gníomhú mar sínitheoirí údaraithe a bheith grinnfhiosraithe iad féin agus oiliúint Ag Fanacht Slán a bheith faighte acu ó FSS agus cuireann an LAGG oiliúint ar fáil roimh chlárú. 

Is eagraíochtaí cláraithe iad Create agus Cumann Náisiúnta Drámaíochta na hÓige (NAYD) i láthair na huaire. Tá iarratais seiceála á bpróiseáil ag NAYD dá eagraíochtaí ballraíochta sa réimse drámaíochta/téatair óige. Tá iarratais á bpróiseáil ag Create ar son eagraíochtaí a fhostaíonn nó a choimisiúnaíonn ealaíontóirí le hoibriú i gcomhthéacsanna comhoibríocha. Tá eagraíochtaí acmhainne ealaíon eile i dteagmháil faoi láthair le hAonad Grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána i dtreo cláraithe.

Chun sonraí teagmhála a fháil téigh chuig an rannóg acmhainne ag bun an leathanaigh seo le do thoil.

Ar ais go barr >>
Oiliúint

Téigh i dteagmháil le d'Oifigeach Eolais agus Comhairle FSS go háitiúil chun eolas agus an nuacht is déanaí a fháil ar Oiliúint Ag Fanacht Slán. Tá an oiliúint 2-lá seo deartha don fhoireann ar fad a oibríonn le leanaí agus daoine óga agus pléitear ábhair mar imní faoi mhí-úsáid leanaí a aithint, freagairt d'imní, earcaíocht agus bainistíocht shábháilte ar fhoireann/oibrithe deonacha, agus timpeallacht shábháilte a chruthú do leanaí agus daoine óga.

Tugann an Chomhairle Ealaíon oiliúint agus ceardlanna freisin sa réimse cosanta leanaí. Téigh chuig ár rannóg nuachta chun eolas a fháil faoi imeachtaí atá ag teacht aníos.

Ar ais go barr >>
Acmhainní
Ar ais go barr >>
Garter Lane
arrow bullet icon

Waterford Youth Arts (Photo: Derek Speirs)

Aimsigh uirlis mhaoinithe