Nuacht

 
Acmhainní breise um chleachtas eiticiúil le haghaidh ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon a bhíonn ag obair le leanaí agus le daoine óga

Márta 2009

Cúis áthais dúinn a bheith in ann dhá acmhainn eiticiúla nua a chur ar fáil le haghaidh ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon atá ag obair le leanaí agus le daoine óga. Tá na hacmhainní bunaithe ar na Treoirlínte um Chosaint agus Leas Páistí agus Daoine Óga in earnáil na n-ealaíon.  Cuireadh i dtoll a chéile iad mar fhreagra ar iarratais a fuarthas ó dhaoine in earnáil na n-ealaíon. Is iad seo a leanas iad:

Treoirlínte maidir le híomhánna de leanaí agus dhaoine óga a thógáil agus a úsáid san earnáil ealaíon
Is í aidhm na dtreoirlínte ná tacaíocht agus treoir a thabhairt d’eagraíochtaí ealaíon agus d’ealaíontóirí atá ag obair mar chleachtóirí, éascaitheoirí nó theagascóirí ealaíon agus iad ag déanamh, ag taifeadadh nó ag baint úsáide as íomhánna de leanaí agus de dhaoine óga. Pléitear ceisteanna san acmhainn mar thoiliú eolasach, an comhthéacs dlíthiúil, príobháideacht agus foilsiú íomhánna ar shuíomhanna gréasáin.

Cód cleachtais don chleachtóir aonair um oibriú le leanaí agus daoine óga
Is é cuspóir an chóid chleachtais seo ná tacaíocht agus treoir a thabhairt d’ealaíontóirí atá ag obair ina n-aonar mar chleachtóirí, éascaitheoirí nó mar theagascóirí le leanaí agus le daoine óga.  Tá sé bunaithe ar threoirlínte dea-chleachtais atá leagtha síos cheana féin agus ba chóir é a léamh ina dteannta.

Forbraíodh an dá acmhainn i gcomhairle le healaíontóirí aonair, le heagraíochtaí ealaíon, agus le lucht Faisnéise agus Comhairle Keeping Safe (Ag Fanacht Slán) de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.   Táimid fíorbhuíoch díobh as a gcabhair agus as a saineolas i bhforbairt na n-acmhainní nua

Ar ais go barr >>
Foilsíonn an Chomhairle Ealaíon doiciméad acmhainne nua, Suíomhanna Foghlama sna hEalaíona, san Oideachas agus Eile Iris Taighde

09-01-2009

Cuireann an doiciméad raon leathan taighde i láthair, ag díriú go príomha ar na healaíona san oideachas ach tá eolas ann chomh maith ar obair i gcomhthéacsanna eile ar nós na healaíona i gcúrsaí sláinte, na healaíona in obair óige agus na healaíona i bpobail. Clúdaíonn an iris fráma ama beagnach tríocha bliana ó 1979 go 2007.

Chun tuilleadh eolais a fháil féach http://nuachtlitir.artscouncil.ie/e_article001245766.cfm?x=b11,0,w.

Tá an doiciméad ar fáil le híoslódáil anseo http://www.artscouncil.ie/Publications/Iris_Taighde.pdf.

Ar ais go barr >>
Scéim Ensembles na nÓg

09-01-2009

Ar 28 Deireadh Fómhair, reáchtáil an Chomhairle Ealaíon ceardlann machnaimh agus measúnaithe do ghrúpaí arna gcistiú faoi Scéim Ensembles na nÓg.  Bhí sé mar aidhm ag an gceardlann fíor-idirghníomhach seo, arna éascú ag David Kelly ón National Association of Youth Drama, moltaí agus aiseolas a bhailiú faoin scéim phíolótach agus deis a thabhairt do na ensembles a fuair cistiú i 2008 bualadh lena chéile agus taithí a roinnt. Bhí 45 duine óg agus ceannaire ó 16 ensemble, a tháinig ó raon foirmeacha ealaíne lena n-áirítear scannán, rince, dráma, scríbhneoireacht, ceol, sorcas agus ealaíona sráide, ag roinnt a gcuid tuairimí agus smaointe i rith an lae.

Bhí ceiliúradh ar siúl tar éis na ceardlainne, le ceol ón Mount Temple Jazz Ensemble agus ó chomhaltaí den Axis-Ballymun Ensemble.

Tá an liosta iomlán de na ensembles a fuair cistiú trí na scéime le feiceáil anseo ag http://www.artscouncil.ie/ga/we_funded.aspx.

Ar ais go barr >>
Ceardlanna ar chosaint agus leas leanaí - 2008

I rith Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair, beidh an Chomhairle Ealaíon ag óstáil sraith de cheardlanna ar Chosaint agus Leas Leanaí le haghaidh eagraíochtaí a dhéanann féilte beaga a bhainistiú agus reáchtáil. Is í Margaret Rogers, Comhairleoir na Comhairle Ealaíon ar Leas Leanaí a éascóidh na ceardlanna.


Reáchtálfar na ceardlanna i ionad éagsúil (féach thíos) agus beidh siad ar siúl ó 10.30 r.n. go 4 i.n. Cuirfear lón éadrom ar fáil. Clúdóidh an clár oibre beartas um chosaint leanaí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm agus cóid chleachtais a cheapadh um oibriú le leanaí agus daoine óga. Déanfaidh gach ceardlann freastal ar suas go fiche rannpháirtí. Ní ghearrfar aon táille as na ceardlanna seo ach ní mór áiteanna a chur in áirithe agus a dhearbhú roimh ré.


Is iad na dátaí agus na hionaid ná:

  • 6 Deireadh Fómhair: Sligeach, Ionad Oideachais Shligigh 
  • 7 Deireadh Fómhair: Luimneach, Halla na Cathrach 
  • 14 Deireadh Fómhair: Corcaigh, Cork Arts Theatre


Chun tuilleadh eolais a fháil nó chun áit a chur in áirithe déan teagmháil le do thoil le Mathilde Veldt ag 01 618 02 50 nó  mathilde.veldt@artscouncil.ie.

Ar ais go barr >>
Tuarascáil Ealaíon agus Oideachais foilsithe ag an gComhairle Ealaíon

01 Iúil 2008


Inniu, d'fhoilsigh an Chomhairle Ealaíon Pointí Ailíniúcháin(0.29 MB, Adobe PDF) , Tuarascáil an Choiste Speisialta um na hEalaíona agus Oideachas. Cuireadh an Tuarascáil faoi bhráid an Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, Martin Cullen, T.D., agus an Aire Oideachais agus Eolaíochta, Batt O'Keeffe, T.D.


Chun an preaseisiúint iomlán a léamh téigh chuig: http://www.artscouncil.ie/ga/news/news.aspx


Tá Treoir Achomair den tuarascáil ar fáil freisin: Summary Guide SummaryGuide_Treoir Achomhair (0.08 MB, Adobe PDF) 

Ar ais go barr >>
Garter Lane
arrow bullet icon

Waterford Youth Arts (Photo: Derek Speirs)

Aimsigh uirlis mhaoinithe