Tríd an scéim seo cuireann an Chomhairle Ealaíon deis ar fáil d'ealaíontóirí aonair atá faoi mhíchumas iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú chun obair nua a chruthú in aon fhoirm ealaíne. Scéim í seo i gcomhair oileán uile na hÉireann agus tá sí á bainistiú ag an Arts and Disability Forum (ADS) thar ceann na gcomhbhunaitheoirí - an Chomhairle Ealaíon agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann.
Tá an scéim oscailte d’ealaíontóirí faoi mhíchumas a bhíonn ag obair in aon cheann de na foirmeacha ealaíne seo a leanas: ailtireacht, sorcas, sráidealaíon agus seónna, damhsa, scannán, litríocht (i nGaeilge nó i mBéarla), ceol, ceoldrámaíocht, téatar, na físealaíona agus na healaíona traidisiúnta. Cuirfear san áireamh riachtanais rochtana do dhaoine faoi mhíchumais atá nasctha le gníomhaíocht ealaíonta. Féadfar eolas faoin scéim deontais a chur ar fáil i bhformáidí malartacha.
Is scéim forbartha í seo ina gcuirtear tacaíocht ar fáil i rith an phróisis go léir. Ar an ábhar sin déanann an painéal measúnú ar iarratais ó ealaíontóirí cumasacha atá ag teacht chun cinn agus ó ealaíontóirí a bhfuil an-taithí acu cheana féin ar na healaíona comhaimseartha. Is é cuspóir na scéime seo ná tallann faoi leith a aithint, a spreagadh agus a chothú i measc cleachtóirí ealaíne atá faoi mhíchumas. Féadann daoine aonair cur isteach ar sparánacht suas le £5,000 steirling nó a chomhluach in Euro. I measc na gcritéar a úsáidtear, áirítear ardchaighdeán ealaíne; fianaise maidir le tallann ealaíne; úrnuacht na smaointe; fianaise faoi cháilíocht pleanála an tionscadail; agus cé chomh réalaíoch agus indéanta is atá na haidhmeanna.
Is féidir le daoine atá faoi mhíchumas de shórt ar bith iarratas a dhéanamh, lena n-áirítear daoine le lagú folaithe ar nós titimeas agus disléicse. Mura bhfuil tú cinnte an bhfuil tú incháilithe nó nach bhfuil, níl le déanamh ach glaoch ar an ADF agus cuirfidh an fhoireann comhairle ort.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na spriocdhátaí, na treoirlínte, na critéir agus chun foirm iarratais a fháil, féach ar http://www.adf.ife/?page_id=785.
Tabhair faoi deara go bhfuil ealaíontóirí faoi mhíchumas i dteideal, ar ndóigh, iarratas a dhéanamh freisin faoi aon sruth maoinithe ábhartha de chuid na Comhairle Ealaíon.